Media Library

Audio

Speech at a Dinner in honour of Mícheál Ó Muircheartaigh

Clayton Burlington Hotel, Dublin, 22 September 2018

A Dhaoine Uaisle,

A Chairde Gael,

Tá áthas orma bheith anseo agus i ndáiríre is pribhléad a bheith páirteach sa cheiliúradh iontach seo ar shaol agus ar ghairm Mhícheál Ó Muircheartaigh. 

Úsáidtear an focal ‘laoch’do dhaoine speisialta a bhfuil éacht bainte amach acu, agus ar uaireamh bronntar an teideal i bhfad ró-mhinic na laethanta, seo ach is laoch beo dár gcuid féin atá i Mícheál. Ceann de na glórtha is suntasaí i spórt na hÉireann agus go deimhin i saol na hÉireann mar aon le bheith ar dhuine d’fhir uaisle na hÉireann.

Is onóir dom a bheith páirteach dom sa cheiliúradh seo do Mhícheál agus aitheantas a thabhairt dó, agus buíochas a ghabháil leis as ucht an méid a rinne sé mar Chathaoirleach Bhord na Gaeilge i measc a chuid iarrachtaí eile ar son leasú na Gaeilge.

Mícheál weaved his magic in his own inimitable and eloquent way for 61 years, from his first commentary on the Railway Cup Final on St. Patrick’s Day 1949 until he hung up his microphone after the broadcast of the second International Rules test from Croke Park in 2010. In those 61 years he brought countless games to life for so many people on this island and around the world with his unique and much-loved style of broadcasting.

Before he accessed his mass audiences, Mícheál had enjoyed a successful career as a primary and secondary school teacher for many years before becoming a full-time broadcaster. Mícheál’s innate ability to transmit, to imagine, to empathise and to describe not only made him a great teacher but also one of the leading sports commentators of our time. For many of us, our memories of Gaelic games will always come with the wonderful lilt of Mícheál’s commentary playing in our minds.

Tuigim gur thosaigh gairm raidió Mhícheál in 1949 i rith a laethanta ag Coláiste Oiliúna Naomh Pádraig i nDroim Conrach nuair a bhí Raidió Éireann ag lorg duine chun tráchtaireacht as Gaeilge a dhéanamh anois is arís go páirtaimseartha, agus roghnaíodh Mícheál. Is cinneadh den scoth a rinne Raidió Éireann an lá sin. Bhí cion ag na glúnta leantóirí cluichí Gaelacha ar a stíl tráchtaireachta agus ba léir an stíl sin ó lá a éisteachta.

Bhí dúshlán mór roimhe in 1985, nuair a ghlac sé le post mar phríomhthráchtaire RTÉ, jab a bhí ag laoch eile an mhicreafóin Mícheál Ó hEithir roimhe. Ach bhí sé in ann don dúshlán lena ghuth ceolmhar, agus fiú draíochtúil ar uaireamh, agus lean sé sa ról sin go dtí go ndeachaigh sé ar scor ón gcraoladh i mí Dheireadh Fómhair 2010.

As we all know Mícheál’s distinctive voice became inextricably linked with Gaelic games for generations of fans and GAA supporters all over the world for over 60 years.  His own original style of commentating allowed him to turn every match into an epic tale. His encyclopaedic knowledge of teams and players is incredible, and it was well known that when Mícheál was commentating it was common practice for people to watch the game on T.V. whilst listening to his radio commentary.

Ní masla ar bith a bhí i gceist do lucht na teilifíse. Is rogha aeistéitiúil don chluas a bhí ann.

Mícheál’s commentaries captured like no one else the sense of occasion, the atmosphere in the stadium, the exchanges of the action, the ebb and flow of the play, the pulse and beat of its every movement.  His voice sang out the song of every game, verse on verse.  He gathered us in like all the great broadcasters do.  He made the world a small place.  He told little anecdotes about the players and officials. He evoked the parishes and townlands from where our heroes came from and had emigrants dreaming of home. It was poetry in motion from a man who truly loved the game and saw its virtue in its every movement.  His voice resonated with the soul of a nation.  It was evocative of our culture, of our identity and of ourselves.

Tá cáil ar Mhícheál freisin dar ndóigh as cúpla focal Gaeilge a chur isteach ina thráchtaireachtaí anseo is ansiúd. Is dócha go ndearna sé an oiread is a rinne aon duine eile le linn a chuid ama, agus go fóill, chun an Ghaeilge mar theanga labhartha i ngnáth-úsáid a chur chun cinn agus a fhorbairt agus bhí ról mór aige ag leibhéal náisiúnta chuige seo.

Ba ag Coláiste Íosagáin i mBaile Bhúirne a d’fhorbair Mícheál a ghrá don Ghaeilge agus do gach gné den chultúr Gaelach agus is iontach a fheiceáil go bhfuil an grá sin fanta leis i rith a shaoil. Tá go leor déanta aige chun an grá sin a chothú sna glúnta níos óige, tríd an gcur chun cinn a rinne sé ar chluichí Gaelacha agus an tacaíocht a thug sé do Ghaelscoileanna ar fud na tíre.

Tá mé cinnte gur cuma le Mícheál má deirim gur shrois sé 88 mbliain d’aoisan mhí seo caite. Agus caithfidh mé a rá gur fógra den scoth é do dhuine atá gníomhach agus é ar scor. Idir siúl agus dreapadh sléibhte, babhtaí gailf, tiomáint fud fad na tíre ag cluichí agus imeachtaí carthanais agus dul ar eitiltí fada gach bliain, ní bhíonn sé díomhaoin riamh.

Mícheál has a wonderful attitude to life and his youthful demeanour has served him well. Mícheál has credited being in the company of young people when he was teaching as the secret to keeping his attitude fresh and that looking forward all the time is the best secret of all. Maybe we could all learn something from that.

Apart from the GAA, greyhound racing is another of Mícheal's life-long sporting passions, with regular trips to Harold’s Cross and Shelbourne Park from his younger days. He regularly commentated on the racing for both radio and television and one of the most famous pieces of broadcasting ever is his interview with Prince Edward when he asked His Highness for his estimation of the prospects of his dog, which got to the final of the English Derby. There are not many people who can claim such canine connections!

Tá i bhfad níos mó ag baint le Mícheál agus a sheirbhís agus a chuid iarrachtaí ar son leasa an phobail i gcoitinne, agus ar son cosmhuintir na tíre ach go háirithe, seachas tráchtaireacht spóirt. Bhí baint ag Mícheál le go leor tionscadal thar na blianta. Bhí sé ina bhall bunaithe de Ghaelscoileanna, ina bhall agus níos déanaí ina chathaoirleach ar Bhord na Gaeilge agus ina chathaoirleach ar ‘Guaranteed Irish’. Bhí sé freisin ina chóitseálaí agus ina thraenálaí ar bhaill Uile Éireann Chiarraí i mBaile Átha Cliath ar feadh na mblianta agus ní dhearna siad ródhona! Tacaíonn sé go mór leis na Cluichí Oilimpeacha Speisialta agus leis an ngrúpa deonach Third Age.

Ócáid iontach atá anseo anocht nuair a thugaimid onóir agus nuair a dhéanaimid ceiliúradh ar shaol agus ar ghairm Mhíchíl. Oíche speisialta atá anseo freisin do theaghlach Mhíchíl agus is mór an onóir don a bheith anseo.

Tá áthas orm a fheiceáil go rachaidh an brabús ón oíche chuig Fondúireacht IT Thrá Lí chun Acadamh Spóirt Chiarraí na hInstitiúide de luach €16.5m atá á thógáil faoi láthair a chríochnú. Tabharfaidh an tAcadamh deis do dhaoine ó gach disciplín spóirt, in ainneoin a gcumas, ullmhú agus dul san iomaíocht chuig na caighdeáin is airde. Dearadh é le freastal ar riachtanais lúthchleasaithe na gCluichí Parailimpeacha agus na gCluichí Oilimpeacha Speisialta, mar aon le domhan lán le deiseanna agus rochtain ar an spórt agus áineas a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.

Tionscadal fiúntach atá anseo agus tá a fhios agam gurbh é ceann de na spreagthaí a bhí ag Mícheál chun cúnamh a thabhairt le Fondúireacht IT Thrá Lí ná na tairbhí a bheadh ann do dhaoine faoi mhíchumas. Léaraíonn sé croí an fhir go dtugann sé a chuid ama chomh flaithiúil le tacú le daoine eile.

May I congratulate everyone who has made this special night possible especially the Foundation Chairman Dick Spring and Foundation Director Ógie Moran and all who contributed in any way. 

Is mian liom mo chomhartha ómóis féin a léiriú duit, a Mhíchíl trína rá gur bhain mé an-taitneamh as do ghairm agus go nguím sláinte agus sonas ort féin, ar Helena agus ar do chlann.  Chuir tú riamh agus tá tú ag cur go fóill go mór le saol na hÉireann. Tá meas agus urraim ort fud fad na tíre agus níos faide ó bhaile. Agus féadfaidh tú bheith an-bhródúil as gach rud a bhain tú amach i do ghairm agus i do shaol.

When one thinks of Mícheál they think of Kerry and the following Sigerson Clifford poem springs to mind. May I share it with you now:

I am Kerry by Sigerson Clifford

I am Kerry like my mother before me

And my mother’s mother and her man

Now I sit on an office stool remembering

And the memory of them like a fan

Soothes the embers into flame.

I am Kerry and proud of my name.

Bhí an tionchar céanna ag Mícheál ar ár gcluichí dhúchais is a bhí ag Sigerson ar an bhfilíocht. Nuair a léim na línte sin, smaoiním ar Mhícheál agus ar an bpaisean a bhí agus atá aige don sport, don Ghaeilge agus an rud ba thábhachtaí, b’fhéidir, an paisean a bhí aige do Chiarraí agus a ról i gcultúr na hÉireann agus i smaointe na hÉireannaigh, cuma cá bhfuil siad lonnaithe.

Beir beannacht a Mhíchíl.

Go raibh míle maith agaibh go léir.