Media Library

Speeches

Aitheasc an Uachtaráin Mícheál D. Ó hUigínn don Cúla4 ar scoil

Meitheamh, 2021

A dhaoine óga,

Tá áthas orm go bhfuil an deis seo agam labhairt libh roimh laethanta saoire an tsamhraidh agus sibh ag tabhairt aghaidh le Cruinniú na nÓg, ar an gcruthaitheacht agus na tairbhí ar fad a thagann léi.

Tá a fhios agam, ó na litreacha agus ríomhphoist ar fad atá faighte agam, gur bliain ait, bliain dhúshlánach a bhí agaibh, ach gur léirigh sibh teacht aniar agus athléimneacht agus sibh ag déileáil le hathruithe saoil na tréimhse seo.

I dtréimhsí mar seo is í an chruthaitheacht a thugann sólás domsa, a chuireann le mo sláinte mheabhrach, agus lena bhfuil sásamh, gníomhaireacht agus neamhspleáchas ag baint léi, nuair atá an oiread sin gnéithe den saol a bhfuil éiginnteacht ag baint leo.

Domsa, is í an léamh, scríbhneoireacht agus an fhilíocht go háirithe a thugann faoiseamh agus sásamh dom. Do dhaoine eile is ag cúma amhrán, ag seinm ceoil, ag damhsa, ag cócaireacht nó ag tabhairt faoi thógra ealaíona. Tá na céadta slí againn chun ár samhlaíocht agus ár gcruthaitheacht a chleachtadh.

Tugann ár gcruthaitheacht léargas ar cé muid féin. Tugann ár saothair léargas ar ár bhfís den domhan atá thar timpeall orainn - domhan atá de shíor ag athrú - ach is féidir linne uilig cruth a chur ar an domhan céanna. Is trínár gcruthaithíocht agus nuálaíocht gur féidir linn a bheith rannpháirteach, agus tionchar a bheith againn ar an domhan agus ar na daoine thar timpeall orainn.

Is cuid bhunúsach den daonlathas agus den saol poiblí í an ealaín. Cruthaíonn sí naisc idir na glúnta, idir daoine de gach aois. Tá nuálaíocht agus cruthaitheacht ag teastáil chun dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn, an t-athrú aeráide agus géarchéim na bithéagsúlachta ina measc. Tá orainn domhan agus slite maireachtála nua a shamhlú le chéile go dóchasach.

Baineann an chruthaitheacht le réimse fíor leathan gníomhaíochtaí; Tapaigh an deis an samhradh seo, saothar ar leith a chur i gcrích, bain triail as rud éigean nua, déan rud éigin deas dod’ chara nó duine muinteartha, foghlaim amhrán, nó scil nua! Bain sult as.

Ta gach cuma ar an scéal go bhfuil cúrsaí ag dul i bhfeabhas maidir leis an bpaindéim agus ní fada, tá súil agam, sula mbeidh an rud ar fad taobh thiar dínn. Go dtí sin, tabhair aire, bí slán, agus fan slán.

Beir beannacht.