Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn faoi bhás Liam Mac Con Iomaire
Date: Mon 6th May, 2019 | 18:28
Is le h-aiféala agus brón a chuala mé nuacht bháis Liam Mac Con Iomaire, scríobhnóir, craoltóir, iriseoir, aistritheoir agus múinteoir.
Is mór an tionchar a bhí ag Liam ar chúrsaí cultúrtha na tíre seo, go háirithe i dtaca lena theanga dhúchais agus oidhreacht shaibhir an cheantair ina tógadh é i gConamara.
Déanaim féin agus Saidhbhín cómhbhrón ónár gcroíthe lena bheanchéile Bairbre, lena chlann Máirín, Máirtín, Colm, Ruairí agus Darach agus lena cháirde ar fad.
Ar dheis Dé go raibh a anam.