Ócáid á hóstáil ag Saidhbhín ar mhaithe le Maidin ‘Latching-On’ i ndáil leis an tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche

Céa 27th Meá, 2023 | 10:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Ócáid á hóstáil ag Saidhbhín ar mhaithe le Maidin ‘Latching-On’ i ndáil leis an tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche

D’óstáil Saidhbhín Uí Uigínn an ócáid bhliantúil, maidin ‘Latch On’ in Áras an Uachtaráin, le haird a tharraingt ar rátaí ísle beathaithe cíche in Éirinn, agus an méadú i dtacaíochtaí do mháithreacha.
 
Bhí 100 máthair atá ag tabhairt na cíche dá bpáistí páirteach san ócáid, chomh maith le hionadaithe ó Cuidiú, La Leche League of Ireland, Friends of Breastfeeding, Baby Feeding Law Group, Bainne Beatha agus FSS.
 
Táthar ag súil go gcuideoidh reáchtáil na hócáide seo le feasacht an phobail a ardú ar an nasc idir beathú cíche agus na 17 Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe, ar thug nach mór gach ceannaire domhanda tacaíocht dó in 2015.

Tá ról suntasach le glacadh ag beathú cíche le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, leis an domhan chosaint, agus le slándáil agus rath cuimsitheach a chinntiú do shaoránaigh uile an phláinéid.