Media Library

Speeches

AITHEASC AN UACHTARÁIN AGUS DÚISEANNA GHLÓR NA nGAEL Á BHRONNADH AICI I gCEATHARLACH

AITHEASC AN UACHTARÁIN AGUS DÚISEANNA GHLÓR NA nGAEL Á BHRONNADH AICI I gCEATHARLACH, AR 3 MÁRTA, 1996

Tá an-áthas orm a bheith libh inniu chun Gradam Ghlór na nGael a bhronnadh ar Choiste Cheatharlach. Bhí mé i gCeatharlach cheana nuair a thug mé cuairt ar an nGaelscoil agus nuair a bhuail mé leis an bPríomhoide, Bríd de Róiste. D'inis sí dom an uair sin na rudaí iontacha atá ar siúl agaibh i gCeatharlach agus dúirt mé liom féin "Beidh orm dul ar ais go Ceatharlach arís chun príomhdhuais Ghlór na nGael a bhronnadh ar an dream seo - tá siad chomh maith sin!

- Bíonn an-riméad orm i gcónaí duaiseanna Ghlór na nGael a bhronnadh. Bhí mé i Scoil Naithí anuraidh agus i gCárna an bhliain roimhe sin agus in Inis i gCo. an Chláir cúpla bliain ó shoin agus mar atá fhios agaibh tá nasc idir Co. an Chláir agus Ceatharlach ó tháinig Bríd de Róiste anseo! Tá nascanna mar sin lárnach i gComórtas Ghlór na nGael agus tugann sé deis iontach do phobail aithne a chur ar a chéile. Bhuail mé le mná na Seanchille anuraidh nuair a tháinig siad chun Gaeilge a chleachtadh. Tá ionadaithe ó Bhéal Feirste Thiar anseo arís inniu agus tá Craobh Uladh buaite acu. Tá Craobh na Mumhan buaite ag An Dúinín, Co. Chiarraí, Craobh Laighean ag Ráth Cairn, Co. na Mí agus Croabh Chonnachta buaite ag Paróiste an Chnoic, Co. na Gaillimhe. Tugann an caradas seo idir Chúigí agus condaethe misneach dúinn go léir.

- Tréaslaím le gach duine agus le gach coiste a bhuaigh duais. Níl sna duaiseanna ach aitheantas ar an obair atá déanta agus is trua ar bhealach nach féidir duais a thabhairt do gach ceantar a ghlac páirt sa Chomórtas. Ba mhaith liom féin tréaslú le gach coiste ar fud na tíre as a gcuid saothar ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge ina gceantair féin trí Chomórtas Ghlór na nGael.

- Tá muid ar fad buíoch do Bhainisteoir Ghlór na nGael, Pádraig Ó Ceithearnaigh agus do Nóra Welby agus do na timirí ar fad. Buíochas do Bhord na Gaeilge freisin a thugann maoiniú tacaíocht don Chomórtas breá seo.

- Mar fhocal scoir ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh arís le muintir Cheatharlach, le gach Coiste a bhuaigh duais sa Chomórtas agus le gach duine a ghlac páirt ann. Níl le déanamh agam anois ach duaiseanna Chomórtas Ghlór na nGael a bhronnadh.

Go raibh maith agaibh go léir.