Leabharlann na Meán

Óráidí

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN CUAIRT AR GHAELTACHT IRISH FEST MILWAUKEE SATHARN, 20 LÚNASA, 2005

NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN CUAIRT AR GHAELTACHT IRISH FEST MILWAUKEE SATHARN, 20 LÚNASA, 2005

A chairde,

Ar dtús ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh as fáilte chaoin Ghaelach a chur romham féin agus roimh mo chéile, Máirtín. 

Tá lúcháir mhór orm a bheith anseo libh inniu i nGaeltacht Milwaukee, agus caithfidh mé a rá go dtógann sé mo chroí go bhfuil an oiread sin Gaeilge le cluinstean agus le feiceáil thart orm agus mé chomh fada seo ó bhaile.  Tá gach gné de chultúr na hÉireann ar taispeáint anseo san Fhéile: an teanga, an ceol, an damhsa, an stair, an béaloideas, an litríocht, na hagallaimh agus na lúibíní agus na cluichí.  Iontas ar bith go bhfuil sé seo ar an Irish Fest is mó ar domhan. 

Is í an bhun-bhrí atá le “Gaeltacht” ná grúpa daoine ag labhairt Gaeilge le chéile, agus sa chiall sin tá an Ghaeltacht seo chomh bailí le ceann ar bith in Éirinn.  Tá Ray Mac Mánais agus Liam Ó Cuinneagáin do mo bhodhradh le blianta fada le scéalta molta faoi Irish Fest Milwaukee agus faoi mhuintir na Gaeltachta anseo.  Ach, cé gur scéalaithe cruthanta iad Ray agus Liam, níor leor na scéalta le blas ceart a fháil ar spiorad dochreidte Gaelach na Féile.  B’éigean domh teacht an bealach ar fad as Éirinn leis an Fest a fheiceáil le mo shúile cinn - agus le súil a choinneáil ar an bheirt sin fosta. 

Idir an Scoil Shamhraidh agus Irish Fest féin tá obair mhór ar siúl agaibh anseo ar son na Gaeilge agus ar son an chultúir.  Ní amháin go bhfuil sibh ag coinneáil ainm na hÉireann in airde anseo,  tá sibh ag cur le hanam na hÉireann  fosta.  “Tír gan teanga tír gan anam” a deir an seanfhocal.  Ní baol don teanga ná dár n-anam de réir mar a fheicim thart orm anseo i nGaeltacht Milwaukee.

Bíonn suas le cúig chéad scoláire ag freastal ar an Scoil Shamhraidh, ag foghlaim Gaeilge, damhsa, amhránaíochta, ceoil agus go leor gnéithe eile d’oidhreacht na hÉireann.  Is breá do na scoláirí go dtagann scoth na múinteoirí chugaibh gach bliain, agus is léir go mbaineann na foghlaimeoirí sult agus tairbhe as na ranganna.  Gura fada buan an Scoil Shamhraidh.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá anois faoin scéim úr a sheol Glór na nGael agus Gaelsaoire sa Ghaeltacht anseo ar ball.  Tá na mílte duine ag foghlaim na Gaeilge ar fud na cruinne, anseo i Meiriceá, i gCeanada, san Astráil agus ar fud na hEorpa.  An bhliain seo caite, mar shampla, reachtáladh suas le cúig mhíle rang Gaeilge i Sasana amháin.  Is sár-smaoineamh é go bhfuil Glór na nGael, le tacaíocht agus le hurraíocht ó Ghaelsaoire, anois chun aitheantas oifigiúil a thabhairt do na daoine seo a bhíonn ag saothrú i ngort na Gaeilge thar lear.  Roghnófar an dá choiste is gníomhaí ó thíortha eile gach bliain agus tabharfar abhaile iad chuig Bronnadh na nDuaiseanna in Éirinn.  Beidh Lorcán Mac Gabhann agus a chairde ar a ndícheall anois ag iarraidh coistí Éireannacha eile thar lear a mhealladh i dtreo na ranganna Gaeilge fosta.  Tá nasc nach beag idir mé féin agus Glór na nGael: bhí mé i láthair ag Bronnadh na nDuaiseanna i gCaisleán Bhaile Átha Cliath dhá bhliain ó shin, agus is breá liom anois tacú leis an fheachtas is úire dá gcuid.  Go n-éirí go geal libh.

In Éirinn amharcann muid ar na Gaeltachtaí mar fhoinsí, mar thobair, a dtéann daoine ar ais chucu arís agus arís eile chun iad féin a thumadh sa dúchas a tháinig aníos chugainn fríd na glúnta ónár sinsir.  Deirtear go bhfuil brú mór ar na Gaeltachtaí san am i láthair, ach caithfidh muid a bheith iontach cúramach nach ligeann muid do na foinsí seo triomú.  Smaoiním ar an dán álainn sin le Cathal Ó Searcaigh ina gcuireann sé fainic orainn gan ligean do na tobair dul i ndísc:

    Ach in ainneoin na neamhairde go léir

    níor chaill siad a dhath den tseanmhianach.

    Aimsigh do thobar féin a chroí,

    óir tá am an anáis romhainn amach:

    Caithfear pilleadh arís ar na foinsí.

Tá ard-mholadh ag dul do mhuintir Chraobh Curtin de Chonradh na Gaeilge anseo i Milwaukee.  Cluintear dom go mbíonn cuid mhór daoine ag freastal ar bhur ranganna teanga anseo, daoine a bhfuil togha na Gaeilge acu, ach nár sheas riamh ar fhód na hÉireann.  Tá tobar agaibhse chomh maith.  Ná ligigí don tobar dul i ndísc. 

Gach bliain i mo theachtaireachtaí Nollag agus Lá ’le Pádraig seolaim mo bheannacht chuig teaghlach domhanda na nGael.  Tá sibhse mar dhlúthchuid den teaghlach sin agus beidh mé ag smaoineamh oraibh gach uair a luaim an teaghlach domhanda san am atá le teacht.

Tá ainm na Gaeltachta seo in airde sa bhaile.  Tugann sibh ardú meanman agus ardú croí do gach duine a thugann cuairt oraibh.  Tagann siad abhaile le scéalta faoi dhíograis na ndaoine anseo agus faoin mhórobair atá ar siúl agaibh.  Caithfidh mé a rá go bhfuil sibh i ndiaidh ardú meanman a thabhairt domhsa fosta.  Molaim bhur ndúthracht agus bhur ndílseacht.  Ba mhaith liom buíochas ar leith a ghabháil le Wendy agus Ina (Ena), stiúrthóirí na Gaeltachta, a thug cuireadh dúinn anseo agus a chuir fáilte mhór romhainn.  Croí mór na Féile sibh beirt.

Guím rath agus raidhse ar Ghaeltacht Milwaukee, agus tá súil agam go mbainfidh sibh ar fad sú agus sult as an chuid eile den Fhéile.

Go raibh míle maith agaibh.