NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN COMHALTAS ULADH DÉ AOINE, 3 SAMHAIN, 2006
NÓTAÍ CAINTE AN UACHTARÁIN COMHALTAS ULADH DÉ AOINE, 3 SAMHAIN, 2006
A chairde gaoil,
Go raibh míle maith agaibh as fáilte chaoin Ultach a chur romham féin agus roimh m’fhear céile Máirtín. Caithfidh mé a admháil, nuair a smaoiním ar an eagraíocht Comhaltas Uladh, gurb é an chéad rud a thagann chun mo chuimhne ná an leabhrán beag gorm sin Abair Amhrán – an leabhar a bhí mar bhíobla ag iliomad foghlaimeoirí Gaeilge agus muid ag fás aníos. Ach tá i bhfad níos mó ná Abair Amhrán bainte amach agaibh, a chairde. Anois, agus ceithre scór bliain slánaithe agaibh, is fiú súil a chaitheamh siar ar imeachtaí Chomhaltas Uladh le linn na tréimhse sin. Le cion a dhéanfaidh muid é, chomh maith le bród.
Nuair a bunaíodh stát Thuaisceart Éireann sa bhliain naoi déag fiche is a haon ní raibh fágtha de na sean-Ghaeltachtaí ach iarsmaí thall is abhus. Bíodh sin mar atá, bhí gluaiseacht láidir ghníomhach athbheochana ann ó thuaidh, ní amháin faoin tuath ach sna bailte móra fosta. Ní cainteoirí dúchais a bhí sa lucht athbheochana sin, sa chuid is mó, ach foghlaimeoirí; agus is iad na foghlaimeoirí – iad sin a chaith dua agus am agus airgead chun a gcuid Gaeilge a fhoghlaim – iad sin a bhí mar chrann taca ag gluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh ó shin i leith. Agus Comhaltas Uladh a bhí mar chrann taca ag na foghlaimeoirí sin.
Bhí an saol ó thuaidh corrach go leor sa bhliain naoi déag fiche is a ceathair nuair a foilsíodh an tUltach den chéad uair mar pháipéar míosúil fá choinne Ghaeil Thuaisceart Éireann. Bhí cuspóir na hirise leagtha amach go soiléir sa phríomhalt a scríobh an t-eagarthóir, an Sagart Lorcán Ó Muirígh:
“In ainm Dé tosnaímis. Tá an páipéar seo á chur amach againn ar son glóire Dé agus onóra na hÉireann, agus ar mhaithe leis an Ghaeilge. Ina dhiaidh siúd ba mhaith linn lucht na Gaeilge i gCúige Uladh agus Oirialla a bhailiú le chéile in aon ghluaiseacht amháin agus ceangal daingean láidir a dhéanamh eatarthu. Ní neart go cur le chéile...”
Caithfidh sé gurbh é an mana sin “Ní neart go cur le chéile” a bhí chun tosaigh in aigne an tsagairt mhaith nuair a bhunaigh sé Coláiste Bhríde i Rann na Feirste go gairid ina dhiaidh sin, agus nuair a chruinnigh sé conraitheoirí Uladh in aon ghluaiseacht amháin, ochtó bliain is an oíche anocht, ar an 3ú lá de mhí na Samhna naoi déag fiche is a sé i Halla na Cathrach in Ard Mhacha, chun Comhaltas Uladh a chur ar bun. The Ulster Gaelic League a thug siad ar dtús ar an eagraíocht úr, agus “the revival of Irish as the spoken language in Ulster” mar chuspóir acu.
Níl mé cinnte cé chomh réadúil agus a shíl siad an chuspóir sin a bheith ag an am, ach tá mé cinnte de seo: bhunaigh siad an chéad eagraíocht deich gcontae a bhí riamh sa tír seo, an t-aon cheann riamh, creidim, nó freastalaíonn Comhaltas Uladh ar naoi gcontae Uladh agus ar Chontae Lú chomh maith: Cúige Uladh agus Oirialla, díreach mar a theastaigh ón sagart Lorcán Ó Muirígh.
Sa bhliain naoi déag nócha a haon bhí mé féin i measc beagnach deich faoin chéad de dhaonra Thuaisceart Éireann a mhaígh sa daonáireamh go raibh eolas againn ar an Ghaeilge. Is iomaí leibhéal cumais agus líofachta a bhí i bhfolach san uimhir draíochta sin 10 faoin chéad. Caidé a dúirt an té a dúirt faoi bhréaga agus staitisticí? Ach níl rud ar bith draíochta nó cumtha faoin dá mhíle dalta atá anois ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sna Sé Chontae, agus an chuid mhór eile atá ag foghlaim na Gaeilge mar ábhar staidéir i scoileanna Béarla agus sna hollscoileanna.
Nach mór an t-athrú atá tagtha ar shaol na Gaeilge le blianta beaga anuas. Anois tá sé ‘cool’ a bheith ábalta an Ghaeilge a labhairt. Daoine aitheanta i saol na Gaeilge a bhí i mbeirt den triúr a bhí fágtha ag deireadh Celebrity Your A Star! Cé a chreidfeadh sin deich mbliana ó shin? Agus muid ag ceiliúradh ochtó bliain de Chomhaltas Uladh anseo anocht tá Oireachtas na Gaeilge faoi lánseol i gcathair Dhoire, rud eile a thógfadh croí na mbunaitheoirí.
Ní de thaisme a tháinig an borradh seo faoin Ghaeilge, ach mar thoradh ar shaothar trí ghlúin de chonraitheoirí, daoine a choinnigh an lóchrann ar lasadh san am a bhí an oíche sách dorcha thart orthu. Muintir Chomhaltas Uladh a d’fhoilsigh na leabhair amhránaíochta, na leabhair chráifeacha agus na téacsanna scoile; a bhunaigh comórtais idirscoile le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí Gaeilge agus dá gcuid daltaí; a bhunaigh Coláistí Gaeilge; a bhronn scoláireachtaí chun na Gaeltachta; agus a cheangail snaidhm chairdis agus mheasa idir bunadh na Gaeltachta agus foghlaimeoirí na teanga a mhaireann go dtí an lá atá inniu ann.
Le mórtas a mhaím go raibh páirt nach beag ag Comhaltas Uladh sa spéis a chuir mé féin sa Ghaeilge agus in achan rud Gaelach. Deich mbliana ó shin dúirt Gearóid Mac Giolla Domhnaigh:
“Ó am a bhunaithe go dtí lár na seascaidí ní raibh ach Comhaltas Uladh ag tabhairt aire don Ghaeilge sna Sé Chontae, agus féadaim a rá nach mbeadh an Ghaeilge le cluinstin sna Sé Chontae ach ab é Comhaltas Uladh. Ba throm an t-ualach a d’iompraigh Comhaltas Uladh ón lá sin i Samhain míle naoi gcéad fiche is a sé, agus creidim gur iompraigh siad an t-ualach sin le honóir agus le héifeacht.”
Tá fírinne sna focail sin, focail a dúirt fear a raibh fios a ghnóithe aige, nó bhí sé ar feadh cúig bliana is daichead ina rúnaí ar Chomhaltas Uladh. Cuirimse leis an mhaíomh deiridh sin a rinne Gearóid – níl dabht ar bith ach gur iompair sibh an t-ualach go honórach agus go héifeachtach; agus gura fada eile a dhéanfaidh sibh amhlaidh. Is mór an onóir domhsa a bheith bainteach libh agus sibh i mbun an cheiliúrtha seo. Guím fad saoil agus rath agus séan oraibh, a mhuintir Chomhaltas Uladh. Go maire sibh an céad.
