Ráiteas eisithe ag Áras an Uachtaráin – An Garda Tony Golden
Dáta: Dom 11th Dei, 2015 | 14:21
Dúirt an tUachtarán Mícheál D. O hUiginn tráthnóna,
"Táim tar éis dul i dteagmháil le Coimisinéir an Gharda Síochána chun mo chomhbhrón a chur in iúl mar gheall ar an mbás tragóideach a fuair ball óg den Fhórsa, agus é ar dualgas ar mhaithe leis an Stát agus leis an tsochaí i gContae Lú níos luaithe inniu.
Ní hamháin gur bhásaigh duine den Gharda Síochána agus é ar dualgas ach bhásaigh duine eile go tragóideach chomh maith agus fuair duine eile drochghortú mar thoradh ar an eachtra thubaisteach thragóideach seo.Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a chur in iúl do mhuintir agus do chairde an Gharda a fuair bás go tragóideach agus aghaidh á tabhairt aige ar an eachtra sin. Táim ag smaoineamh chomh maith orthu siúd go léir a ndeachaigh na himeachtaí i gcion orthu níos luaithe tráthnóna in Ó Méith"