Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ó Áras an Uachtaráin: Ceannasaí Cumarsáide agus Faisnéise Ceaptha in Áras an Uachtaráin

Dáta: Céa 11th Sam, 2015 | 11:44

Tar éis comórtas earcaíochta oscailte arna stiúradh ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, ceapadh an tUasal Hans Zomer ina phost mar Cheannasaí Cumarsáide agus Faisnéise in Áras an Uachtaráin.

Tá taithí leathan ag an Uasal Zomer in abhcóideacht ceartais dhomhanda agus sa chumarsáid in Éirinn agus thar lear.  

Tá céim Mháistreachta aige sa pholaitíocht agus sular tháinig sé go hÉirinn d’oibrigh sé sa Bheilg, i Sead agus sa Phacastáin le heagraíochtaí éagsúla neamhrialtasacha agus chearta an duine.