Ráiteas ón Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn
Dáta: Mái 1st Már, 2022 | 14:53
Tá an domhan ar fad faoi scáth trom leis an tragóid atá ag titim amach san Úcráin. Táimid fillte ar scéin an chogaidh, le drochíde á déanamh ag an té cumhachtach ar a chomharsa agus prionsabail na Náisiún Aontaithe á sárú.
Déanann muintir na hÉireann comhbhrón ó chroí le daoine atá ag fulaingt de bharr an fhoréigin dho-ghlactha, mhímhorálta seo. Feicimid ar ár scáileáin teilifíse íomhánna de mháithreacha agus de leanaí ag trasnú teorainneacha ag déanamh iarrachta éalú ón léirscrios atá á dhéanamh ag fórsaí míleata chomharsa chumhachtach, ionraidh orthu. Fórsa is ea é seo atá ag feidhmiú le neamhaird á déanamh ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, agus tá an-trua againn do mhuintir chróga na hÚcráine atá ag streachailt lena mbailte agus lena dtír a chosaint i láthair na huaire.
Caithfidh an foréigean stopadh. Tiocfaidh iarmhairtí tubaisteacha lena leanúint, cruinn díreach don Úcráin, ach don domhan ar fad. Is éigean don Rúis trúpaí a aistarraingt. Caithfidh teacht chun cinn an impiriúlachais agus an mhíleatachais a stopadh. Caithfear rochtain dhaonnúil a thabhairt do shaoránaigh ar fad atá in am an ghátair. Ní mór gach léas dóchais a thapú trí mheán na taidhleoireachta.
Cine daonna ar éirigh leis gaisce comhoibrithe suntasach a chur i gcrích leis na comhaontuithe idirnáisiúnta ar Athrú Aeráide, na Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe. Anois, agus tuairiscí á gcloisteáil againn maidir le leibhéal contúirteach atá bainte amach ag an domhan, i gcásanna áirithe leibhéil do-athraithe, agus na milliúin daoine díláithrithe ag an ngaineamhlú mar thoradh ar an athrú aeráide, ná ligimis dúinn féin a bheith sáite sa mhíleatachas, fad agus ár ndomhan trí thine agus na milliúin ag fáil bháis den ocras.
Impím orthu siúd atá i mbun an fhoréigin seo a machnamh a dhéanamh ar an bprionsabal lárnach sin a fheictear i bhfoclaíocht Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, nuair a deirtear gur “ionann aitheantas dhínit agus chearta comhionanna an teaghlaigh dhaonnúil, agus bunchloch na saoirse, an dlí agus na síochána ar domhan”.
Is iad na saoránaigh a íocfaidh as an mí-úsáid seo a dhéantar ar phrionsabail chearta daonna agus dhlí idirnáisiúnta. Caithfimid tacú le hiarrachtaí na ndaoine atá ag maireachtáil i gcúinsí deacra atá ag éileamh síochána.
Cibé chomh dúshlánach iad na tréimhsí seo, is deis iad don taidhleoireacht, don iltaobhachas agus d’institiúidí idirnáisiúnta. In aimsir mar seo, tá se riachtanach go dtagann muintir an domhain le chéile agus a éileamh ní hamháin go mbeadh síocháin Chairt na Náisiún Aontaithe mar rogha eile ar an gcogadh, ach an áit a luíonn ár ndóchas is gile don duine daonna.
Caithfimid freagairt do na léasacha dóchais seo, trí phlé, le deireadh a chur leis an tromluí uafásach seo agus tabhairt faoinár dtasc tógála síochána arís, ag dul i ngleic leis an ocras domhanda, riachtanais chothaithe, bochtaineacht agus iarmhairtí an athraithe aeráide.
Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn tar éis sheoladh WHO/Unicef ar éifeachtaí mhargaíocht an bhainne fhoirmle.
Chuir an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn fáilte roimh thuarascáil cheannródaíoch nua ar éifeachtaí cinntí margaíochta ar bhainne foirmle, seolta inniu ag an Dr Tedros Adhanom Ghebreyesus, Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus Ciste Leanaí na Náisiún Aontaithe (UNICEF) agus comhpháirtithe.
I gcomhráiteas, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín Uí Uigínn:
“Fáiltímid roimh an tuarascáil shuntasach, thábhachtach seo ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus UNIVEF – is í an tuarascáil seo an ceann is mó dá leithéid, le sonraí ó 8,500 bean in ocht dtír. Is minic a tharraing muid aird ar an tsaincheist seo i leith mhargaíocht láimhsithe an bhainne fhoirmle do leanaí. Tá sé mar aidhm ag an mí-úsáid mhargaíochta seo, nach féidir léi fáil réidh leis an eolaíocht agus leis an taighde a chruthaíonn gur fearr an bainne cíche, mearbhall a chur ar dhaoine le táirgí ‘leantacha’ atá i ndáiríre, a théann i gcoinne phrionsabail an bheathaithe chíche. Gach bliain, déanaimid óstáil ar imeacht speisialta in Áras an Uachtaráin chun tacú leis an tSeachtain Náisiúnta um Beathú Cíche.Déanaimid é seo ar mhaithe leis an mbeathú cíche a athbhunú agus a spreagadh, anuas ar meas a léiriú air agus é a lonnú ag croílár pholasaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, inár bpolasaithe forbartha agus inár bpolasaithe díothaithe bochtaineachta, agus inár straitéisí sláinte. Is páirt bhunúsach den inbhuanaitheacht é an beathú cíche. Luíonn sé le réasún – fiú in eacnamaíocht na sláinte poiblí. Táimid dóchasach go gcuideoidh foilsiú na tuarascála seo le hionadaíocht ionraic agus fhíriciúil an bheathaithe chíche, agus ar an ábhar seo ba chóir go gcuirfear fáilte mhór roimh fhoilsiú na tuarascála”.
Ráiteas ó Áras an Uachtaráin
President and Sabina Higgins, having displayed mild COVID-19 symptoms this morning and having taken antigen tests that have tested positive, will be isolating for the next 7 days. The President while isolating is continuing to work from home.
Beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn, a léirigh comharthaí éadroma COVID-19 ar maidin agus a raibh tástálacha antaigine dearfacha acu, ag féinleithlisiú ar feadh 7 lá. Leanfaidh an tUachtarán lena chuid oibre ón mbaile.
Ráiteas ar chomóradh 50 bliain bhuama Abercorn
“Agus muid i mbun ullmhúcháin do bhlianta deiridh Dheich mBliana na gCuimhneachán tá sé tábhachtach nach scaoiltear muid ó thaifead a dhéanamh ar, agus foghlaim ó, imeachtaí 50 bliain ó shin. Is imeachtaí iad seo nár cóir fanacht céad bliain le machnamh a dhéanamh orthu. I measc na n-imeachtaí seo ar tugadh cur síos soiléir agus tochtmhar dúinn orthu ná buama a cuireadh i mbialann i lár Bhéal Feirste, an Abercorn, ar fhreastail daoine ó gach cúlra, an t-aos óg go háirithe, uirthi.
Inné rinneamar ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus sa chomhthéacs seo, is fiú a rá gur mhná óga iad cuid mhór d’íospartaigh na buamála a bhí ag baint taitneamh as cupáin chaifé i mbialann phlódaithe ar thráthnóna Shathairn ar lá mór siopadóireachta. Tá sé tábhachtach go rachaimid i ngleic leis an gcoimhlint a thagann idir daoine daonna; gur féidir léirscrios a dhéanamh ar áit phlódaithe le grúpa mór daoine óga ann, agus gur úsáideadh daoine óga leis an mbuama seo a chur – i measc a nglúin féin.
Tá sé tábhachtach go meabhraítear dúinn ní hamháin gur féidir le daoine a bheith chomh dona leis seo, ach gur féidir daoine daonna a úsáid mar uirlisí.
Chuir buama Abercorn tús le sraith ainghníomhartha – tá siad go léir ar eolas againn, agus tá sé pianmhar dúinn bás agus ruaille buaille ó 1972 a thabhairt chun cuimhne. Is é is tábhachtaí ná sin ná glacadh leis an imeacht eiseamláireach seo agus cinnte a dhéanamh de nach ndéanfar dearmad air riamh. Mairfidh an t-imeacht seo inár gcomhchuimhne mar fholáireamh do dhaoine de gach aois, ó gach cúlra, agus meabhróidh sé dúinn an gá le maireachtáil faoi shíocháin le cinntiú nach dtarlóidh a leithéid riamh arís.
Seolaim mo bheannachtaí an tseachtain thábhachtach seo chuig gach duine a chaill daoine muinteartha, agus a bhí gortaithe, ar athraíodh a saol go hiomlán dá bharr”.
Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás Pete St John
Beidh brón ar dhaoine ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin inniu gur bhásaigh Pete St. John.
Bhí an bua fánach aige amhráin a scríobh, saothair a bhí úrnua agus difriúil, a raibh tréith shíoraí acu, a ghlac seilbh ar áit lárnach inár saol. Tá sé deacair domhan gan amhráin ar nós ‘The Rare Ould Times’ a shamhlú, agus lena shaothar ar fad tá oidhreacht fágtha aige d’amhráin a rinne cur síos ní hamháin ar a shlí beatha féin, agus ar cheoltóirí eile freisin, mar aon lenár saol mar dhaoine.
Is údar suntais é gur chailleamar Pete ar an lá céanna a d’imir Éire in aghaidh Shasana i gcluiche rugbaí Chraobh na 6 Náisiún, spórt agus cluiche atá nasctha lena amhrán The Fields of Athenry leis na blianta fada. Beidh gné chumhach leis an scéal ag an gcluiche inniu nuair a chuimhneoidh daoine ar fud na hÉireann ar Pete.
Bhí Pete mar chara mór agam agus ag Saidhbhín thar tréimhse fhada agus b’onóir í fáilte a chuir roimhe go hÁras an Uachtaráin i mí an Mheithimh 2019 nuair a chas sé a amhrán ar fheasacht timpeallachta, ‘Waltzing on Borrowed Time’. Teist ab ea í seo ar dhúthracht Pete ina chuid oibre ar fad leis na gnéithe ríthábhachtacha inár ndomhan a chosaint agus a chaomhnú. Aireoimid ar fad uainn an fear álainn, tiomanta, cineálta seo, go háirithe na daoine a raibh sé de phribhléid acu aithne a chur ar an bhfoinse dhochloíte inspioráide agus amhrán seo.
Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a dhéanamh lena mhic Kieron agus Brian Mooney, agus lena theaghlach agus lena chairde ar fad.
Seolann an tUachtarán Ó hUigínn beannachtaí chuig an Taoiseach
Sheol an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn a bheannachtaí chuig an Taoiseach Mícheál Martin ar chloisteáil dó faoi thástáil dhearfach COVID an Taoisigh.
Ina ráiteas, dúirt an tUachtarán:
“Bhí an-bhrón orm an scéal seo a chloisteáil agus an Taoiseach ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann sna Stáit Aontaithe sna laethanta beaga roimh ár Lá Náisiúnta. Bhí sceideal dian ag an Taoiseach agus é ag obair ar son ár dtír le cúpla seachtain anuas. Tuigim go bhfuil an obair seo ar siúl aige fós agus é ag glacadh na gcéimeanna cuí tar éis a thástála dearfaí. Tá súil agam go mbeidh biseach luath ar an Taoiseach agus guím gach rath air don chuid eile dá chlár in Washington, agus na constaicí éagsúla á sárú. Cuirim féin agus Saidhbhín ár mbeannachtaí chuig an Taoiseach agus chuig a bhean chéile, Mary.
Go raibh biseach air go luath.”
Tugann an tUachtarán Ó hUigínn ómós d’Ambasadóir na hÉireann, Leas-Ionadaí Buan AE Jim Kelly
“Bhí an-bhrón orm cloisteáil faoi bhás tobann Ambasadóir na hÉireann, Leas-Ionadaí Buan AE Jim Kelly.
Mar Uachtarán na hÉireann agus thar ceann Shaidhbhín agus mé féin, déanaim ár gcomhbhrón ó chroí lena bhean chéile, agus lena iníonacha, Orla agus Ciara ar a gcailliúint mhór.
B’fhigiúr mór le rá ab ea an tAmbasadóir Kelly san AE agus lena chomhghleacaithe sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Rinne sé seirbhís le gradam i roinnt misean, mar Ambasadóir chun Cheanada, ag Buanionadaíocht na hÉireann chun an AE, ag Ambasáid na hÉireann i gCóbanhávan, agus i róil éagsúla in Áth Cliath.
Cuimhneoidh a chomhghleacaithe agus a ghrúpa leathan cairde sa bhaile agus thar sáile, ar an Ambasadóir Kelly as a chineáltas agus a mhoráltacht, tréithe atá mar shárluachanna na seirbhíse poiblí, a d’úsáid sé ina chuid oibre leis an AE i Nua-Eabhrac. I láthair na huaire, táimid ag smaoineamh freisin ar an Ambasadóir Byrne Nason, agus ar chomhghleacaithe oibre Jim ag Misean Buan na hÉireann i Nua-Eabhrac.
Táimid ag smaoineamh oraibh ar fad san am iontach deacair seo ar chailliúint a chomhghleacaí.
Suaimhneas síoraí dá anam dílis.