Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Lá Domhanda Chearta an Duine 2024: Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Dáta: Mái 10th Nol, 2024 | 00:01

“Tá lá Idirnáisiúnta Chearta an Duine 2024 buailte linn tráth éigeandála do dhioscúrsa chearta an duine. 

Tá muid imithe i i dtaithí i mblianta roimhe seo ar mheabhrú mar phobal domhanda ar ár bhfreagrachtaí comhroinnte maidir le tiomantas don cheartas, don dínit, agus don chomhionannas do chách. Is mó inniu ná riamh an phráinn atá ann go ndéanfar na prionsabail sin, agus na cearta atá  sa Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine, a agairt. Mar sin féin tá tost bagrach ann maidir lena dtábhacht, tost a thugann saoirse ó phionós don dream is mó cumhachta maidir le sáruithe follasacha ar na prionsabail agus na cearta sin. 

Tá sáruithe contúirteacha agus dúshláin do chearta an duine ar fud na cruinne feicthe againn – bíodh sin cás na ndaoine sin atá thíos le hiarmhairtí uafásacha cogaidh agus coinbhleachta ar féidir iad a sheacaint, sean-naimhdeas spreagtha arís nó teacht ann do chineálacha nua de phlá an fhuaith, an chiníochais agus na héadulaingthe. Tá méadú scáfar tagtha ar an idirdhealú, ar an bhfrith-Ghiúdachas agus ar an Ioslamafóibe le tamall anuas.

Tá an bonn á bhaint de noirm dhaonlathacha agus den smacht reachta, agus borradh faoi.  Tá an fhulaingt agus an léirscrios de shíor ag dul i méid agus na milliúin daoine neamhchiontacha thíos leis, toisc saoirse ó phionós a bheith ag an iomarca daoine maidir le sáruithe ar chearta sibhialtach.

An tseachtain seo caite, mar shampla, thug Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres rabhadh dúinn faoi na dálaí uafásacha agus apacailipteacha in Gaza, piolóid ina bhfuil an líon is airde per capita de leanaí teascacha in aon áit ar domhan, agus b'éigean do go leor de na leanaí sin a chaill géaga dul faoi obráid gan ainéistéise. Tá méadú tagtha ar líon na leanaí faoi mhíchothú agus leanaí ag fáil bháis, go fírinneach, den ocras.

Tá an réigiún ar fad ag fulaingt de bharr gorta agus é á úsáid mar arm cogaidh. Sa tSúdáin, i mbliana tá géar-ocras roimh thart ar 25 milliún duine - níos mó ná leath de dhaonra na tíre sin, agus de réir tuairiscí ó chóras monatóireachta ocrais na Náisiún Aontaithe tá 756,000 duine buailte le leibhéil tubaisteacha ocrais.

Is léiriú searbh na himeachtaí a tharla le déanaí sa tSiria ar an tábhacht a bhaineann le saoránaigh a bheith ag teacht le chéile chun deachtóireacht a chur as cumhacht, deachtóireacht a raibh glacadh léi ag cuid de na daoine is cumhachtaí agus a raibh tionchar fíor-diúltach ag baint lena ngníomhaíochtaí sa réigiún go stairiúil. Níor cheart cluas bodhair a thabhairt d'achainí Ard-Rúnaí na NA go dtiocfaidh sraith socruithe uilechuimsitheacha síochánta chun cinn. Tá gá le freagairt dhomhanda chun cuidiú leis an tSiria a aththógáil.

Ní ábhar dóchais an fhreagairt ar na dúshláin atá romhainn, agus méadú millteanach is tapa tagtha ar chaiteachas míleata domhanda anuraidh suas go dtí $2,443 billiún, an leibhéal is airde riamh a taifeadadh, in ionad iarrachtaí práinneacha a dhéanamh chun filleadh ar an taidhleoireacht. Maidir leis an leanúint de bheith ag tabhairt tosaíochta do chaiteachas dosheachanta ar chogadh agus ar airm seachas ar thionscnaimh a bhfuil sé mar aidhm acu an tsíocháin agus an borradh daonna a chur chun cinn, nó deireadh a chur leis an ocras nó aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí an athraithe aeráide, beidh cuimhne ag na glúnta atá le teacht air mar an-drochtheist ar shaol an lae inniu agus ar leasanna suaracha an mhaoinlathais atá fós gan freagracht do dhuine ar bith.

De réir mar a ghlactar le cogaí agus le coinbhleachtaí nó de réir mar a chuirtear i láthair iad mar nithe nach mbeidh deireadh leo riamh, is é an cine daonna féin a bheidh thíos leis. Níl an achrann sa dúchas againn. Dá mb'amhlaidh go raibh, teip amach is amach don chine daonna mar speiceas a bheadh ann.

San aimsir seo ina ndéantar neamhaird ar chearta an duine agus fiú dúshlán tugtha  dóibh, tréimhse in bhfuil achrann, deighilt agus éiginnteacht chun tosaigh, agus an bonn á bhaint d’institiúidí iltaobhacha, is tábhachtaí ná riamh go labhródh pobail, eagraíochtaí agus gníomhaithe polaitiúla amach. Ní mór dúinn ár dtiomantais don dlí idirnáisiúnta, do chearta an duine, agus do phrionsabail dhaonnúla a athdhearbhú, agus dlús a chur lenár n-iarrachtaí i dtreo iltaobhachais a bheidh fréamhaithe sa cheartas, sa chomhbhá agus sa dlúthpháirtíocht a athdhearbhú, dlúthpháirtíocht nach mó freastal a dhéanamh léi ar na daoine is leochailí agus is imeallaithe dár dteaghlach domhanda comhroinnte, agus muid ag glacadh leis an dúshlán, an deis a éileamh chun abhcóideacht a dhéanamh ar mhaithe le todhchaí ina mbeidh ceartas, comhionannas agus dínit fíoraithe do chách agus ar mhaithe leis an todhchaí sin a chruthú.

Tá mise ag déanamh, mar Uachtarán na hÉireann, nach bhfuil ceannairí domhanda, amach ó chúpla eisceacht amhail an Comhaontais Dhomhanda i gcoinne an Ocrais agus na Bochtaineachta a sheol an tUachtarán Luiz Inácio Lula da Silva, nach bhfuil siad ag freagairt d’achainí na ndaoine sin atá ag fulaingt de bharr an ocrais agus an fhoréigin i go leor tíortha ar fud an domhain agus go bhfuil ag teip orthu na bearta práinneacha is gá a ghlacadh chun an scéal a chur ina cheart maidir le prionsabail bhunúsacha chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta. 

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí na stáit is cumhachtaí ar domhan, ar fud na Náisiún Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh, cuntasach as a shúile a dhúnadh agus as fanacht ina dtost anois agus cúrsaí an-tromchúiseach.

Is chun sochair an chine daonna an dioscúrsa maidir le cearta an duine. Ní féidir linn é a chailleadh. Ní mór go mbeadh an dioscúrsa sin inár mbéal againn, agus muid ag tacú leis, agus ag féachaint leis an gcumhacht fuascailte atá ann a aisghabháil.”