Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn maidir le scaoileadh Emily Hand

Dáta: Dom 26th Sam, 2023 | 02:08

"Le scaoileadh saor Emily Hand, cuirtear deireadh le tréimhse ama a bhí uafásach dá teaghlach ar fad.

Anois, ag deireadh tréimhse ama a bhí, mar is maith is eol dom, thar a bheith trámach dóibh, ba mhaith liom beannacht a thabhairt do Emily, dá hathair Thomas agus dá deirfiúr Natali a bhuail mé leo le seachtainí beaga anuas, agus dóibh siúd go léir atá gar di.

Tá súil as Dia agam gur féidir le hEmily taitneamh a bhaint as saol sona agus fiúntach anois, in ainneoin gach ar fhulaing sí, i ndiaidh a cháis uafásaigh a bhfuil sé doshamhlaithe gur tharlú sé do leanbh óg den sórt sin.

Bhí sé mar thosaíocht ag an Rialtas ina n-iarrachtaí taidhleoireachta le roinnt seachtainí anuas Emily a scaoileadh saor chuig a muintir agus sílim go bhfuil sé tábhachtach go léireofaí aitheantas as an obair sin.

Cuirim fáilte freisin roimh scaoileadh Shoshan Haran, agus Adi, Naveh agus Yahel Shoham, ar bhuail mé lena ngaolta in éineacht le teaghlach Hand freisin.

Cé go n-aithnímid go háirithe an tráth tábhachtach seo, agus leanbh Éireannach-Iosraelach scaoilte saor, ní mór dúinn díriú freisin ar a bhfuil ag teastáil anois - sos comhraic buan, scaoileadh saor na ngiall go léir atá fós gan scaoileadh, agus tiomantas ó gach taobh chun tabhairt faoin tsíocháin bhuan a thógáil."