Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Ó hUigínn ar bhás anDr. Ian Adamson

Dáta: Céa 9th Ean, 2019 | 17:47

"Is cúis mhór bhróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an Dr. Ian Adamson, Iar-Chomhalta den Tionól Reachtach, Iar Ard-Mhéara Bhéal Feirste, scoláire aitheanta agus tacóir leis an iliomad eagraíochtaí a rinne freastal agus ceiliúradh ar ár n-oidhreacht chomhroinnte. 


Níor staon an Dr. Adamson á chur i gcuimhne dúinn nach bhfuil ionainn ach imirceoirí ar feadh tamaill sa saol agus chuir sé béim ar ár stair chomhroinnte, ar ár bhféiniúlachtaí comhroinnte, ar ár leochaileachtaí agus ár bhfréamhacha imirceacha comhroinnte. 


Ní hamháin go bhfuil a shaothar acadúil fágtha mar oidhreacht aige, ach tá a achainí go mbeadh misneach againn agus a dhlúthpháirtíocht phraiticiúil leo siúd is leochailí. Luaigh sé i gcónaí an t-oideachas mar uirlis thábhachtach chun eagla roimh an rud anaithnid agus eagla roimh an duine eile a shárú. 


Ba phribhléid a bhí ann dóibh siúd  a raibh sé d'ádh orthu aithne a bheith acu air cara a thabhairt air. Beidh mé buíoch go brách as a chuairteanna ar Áras an Uachtaráin, as ár gcruinnithe i mBéal Feirste agus in áiteanna nach iad.  Ba dhomhain a bhí eitic an chairdis ann agus b'fhial a bhí a thacaíocht gan teorainn don chomhrá thar na blianta le gairid - idir pobail, agus idir scoláirí, go háirithe staraithe agus teangeolaithe."