Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar bhás Leonard Cohen

Dáta: hAo 11th Sam, 2016 | 07:13


“Is le brón mór a chuala mé faoi bhás  Leonard Cohen, údar, ealaíontóir, file agus amhránaí.

Ina chuid amhrán buan, chuir Leonard Cohen in iúl ní hamháin mothúcháin an uaignis agus an chaillteanais, ach chomh maith leis sin, croí na beatha daonna: an grá, an áille, an greann, chomh maith leis an bpáirtíocht shóisialta agus pholaitíochta.

Thug mórán daoine aitheantas dá stór ceoil, a bhí leathan agus éagsúil, agus fuair sé gradaim agus ardmholadh ó léirmheastóirí, agus bhí lucht éisteachta aige ó gach cearn ar domhan. Tá oidhreacht bhuan fágtha ag Leonard Cohen agus leanfar lena chuid oibre a bheith mar spreagadh ag an nglúin seo agus ag na glúnta atá le theacht.

Bhí tionchar mór ag William Butler Yeats air agus bhí caidreamh gnaíúil aige lena lucht éisteachta in Éirinn  - rud a raibh meas aige air agus ar chuir sé béim air nuair a bhuail mé leis i mBaile Átha Cliath.

Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl dá chlann, dá mhac Adam agus dá iníon Lorca, dá chairde, dá chomhghleacaithe ceoil, agus dóibh siúd go léir a chomhroinneann léirthuiscint ar shaothar suntasach Leonard Cohen."