Cuireann Saidhbhín tús le hócáid Pavee Point leis an tSeachtain um Beathú Cíche a chomóradh

hAo 1st Dei, 2021 | 11:00
Cuireann Saidhbhín tús le hócáid Pavee Point leis an tSeachtain um Beathú Cíche a chomóradh

Thug Saidhbhín Uí Uigínn an t-aitheasc tosaigh ag imeacht arna óstáil ag Ionad Pavee Point an Lucht Siúil agus Roma.

Ag tús a cuid cainte, labhair Bean Uí Uigínn ar an riachtanas a bhaineann le seirbhísí cuí a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh níos éasca é constaicí a shárú agus an traidisiúin an bheathaithe cíche a bhí mar an gnáthrud do mhná na hÉireann tráth, mná ón lucht siúil agus ón bpobal socraithe, agus iad ag cothú a leanaí.