Sabina i láthair ag searmanas i dtaca le “Lighting up the Phoenix Column”

Lua 17th Meá, 2018 | 20:00
suíomh: Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath
Sabina i láthair ag searmanas i dtaca le “Lighting up the Phoenix Column”

Rinne Saidhbhín Uí Uigínn an soilsiú ar Cholún Fhéinics ar Ascaill Chesterfield i bPáirc an Fhionnuisce a chasadh air.

Thóg an ceathrú Iarla Chesterfield Colún Fhéinics in 1747. Is éard atá ann Colún Corantach de Chloch Portland ar léibheann ard a bhfuil litreacha air. Os cionn an mhullaigh cholúin tá dealbh d’fhéinics ag éirí aníos as an luaith.

Is cuid de thionscnamh an OOP atá i soilsiú Cholún Fhéinics, tionscnamh ina dtarraingítear aird ar láithreacha oidhreachta agus foirgnimh stáit aitheanta, amhail Áras an Uachtaráin, Teach Laighean, Tithe an Rialtais, an Músaem Náisiúnta, an Leabharlann Náisiúnta, Caisleán Bhaile Átha Troim agus an Casaíne in Marino.