Sabina reads The Lament For Art Ó Laoghaire by Eibhlín Dhubh Ní Chonaill

Mái 14th Fea, 2023 | 09:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Tuesday, 14th February, 2023

Caoineadh Airt UÍ Laoghaire

Eibhlín Dhubh Ní Chonaill (ca 1743-1800)


B’fhéidir gur aithris Eibhlín na dréachtaí seo os cionn an choirp i gCarraig an Ime.

Mo ghrá go daingean tu!
Lá dá bhfaca thu
ag ceann tí an mhargaidh,
thug mo shúil aire dhuit,
thug mo chroí taitnearnh duit,
d’éalaíos óm charaid leat
i bhfad ó bhaile leat.

Is domhsa nárbh aithreach:
Chuiris parlús á ghealadh dhom,
rúrnanna á mbreacadh dhom,
bácús á dheargadh dhom,
brící á gceapadh dhom,
rósta ar bhearaibh dom,
mairt á leagadh dhom;
codladh i gclúmh lachan dom
go dtíodh an t-eadartha
nó thairis dá dtaitneadh liorn.

Mo chara go daingean tu!
is cuimhin lem aigne
an lá breá earraigh úd,
gur bhreá thiodh hata dhuit
faoi bhanda óir tarraingthe;
claíomh cinn airgid,
lámh dheas chalma,
rompsáil bhagarthach –
fír-chritheagla
ar námhaid chealgach –
tú i gcóir chun falaracht
is each caol ceannann fút.
D’umhlaídís Sasanaigh
síos go talamh duit,
is ní ar mhaithe leat
ach le haon-chorp eagla,
cé gur leo a cailleadh tu,
a mhuirnín mh’anama….

Mo chara thu go daingean!
is níor chreideas riamh dod mharbh
gur tháinig chúgham do chapall
is a srianta léi go talamh,
is fuil do chroí ar a leacain
siar go t’iallait ghreanta
mar a mbítheá id shuí ‘s id sheasarnh.
Thugas léim go tairsigh,
an dara léim go geata,
an triú léim ar do chapall.

Do bhuaileas go luath mo bhasa
is do bhaineas as na reathaibh
chomh maith is bhí séagam,
go bhfuaras romham tu marbh
Cois toirín ísil aitinn,
gan Pápa gan easpag,
gan cléireach gan sagart
do léifeadh ort an tsailm,
ach seanbhean chríonna chaite
do leath ort binn dá fallaing —
do chuid fola leat ‘na sraithibh;
is níor fhanas le hí ghlanadh
ach í ól suas lem basaibh.

Mo chara thu is mo thaitneamh!
Nuair ghabhais amach an geata
d’fhillis ar ais go tapaidh,
do phógais do dhís leanbh,
do phógais mise ar bharra baise.
Dúraís, ‘A Eibhlín, éirigh id sheasamh
agus cuir do ghnó chun taisce
go luaimneach is go tapaidh.
Táimse ag fágáil an bhaile,
is ní móide go deo go gcasfainn.’
Níor dheineas dá chaint ach magadh,
mar bhíodh á rá liom go minic cheana.

Mo chara thu go daingean!
is nuair thiocfaidh chúgham abhaile
Conchúr beag an cheana
is Fear Ó Laoghaire, an leanbh,
fiafróid díom go tapaidh
cár fhágas féin a n-athair.
‘Neosad dóibh faoi mhairg
gur fhágas i gCill na Martar.
Glaofaid siad ar a n-athair,
is ní bheidh sé acu le freagairt….

Mo ghrá thu go daingean!
is érigh suas id sheasamh
is tar liom féin abhaile,
go gcuirfeam mairt á leagadh,
go nglaofam ar chóisir fhairsing,
go mbeidh againn ceol á spreagadh,
go gcóireod duitse leaba
faoi bhairlíní geala,
faoi chuilteanna breátha breaca,
a bhainfidh asat alias
in ionad an fhuachta a ghlacais.