Rachaidh an tUachtarán O hUigínn chuig deisceart na Liobáine chun bualadh le trúpaí na hÉireann atá ag déanamh seirbhíse i bhFórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe (UNIFIL) sa Liobáin.
Is fórsa ilnáisiúnta coimeádta síochána atá imlonnaithe i ndeisceart na Liobáine ón mbliain 1978 atá in UNIFIL. Is é an phríomhaidhm atá aige an tslándáil a choimeád sa réigiún agus an comhaontú maidir le sos cogaidh a mhaoirsiú.
Tar éis na coimhlinte in 2006 idir Iosrael agus an grúpa Liobánach Hezbollah, cuireadh an cúram ar UNIFIL Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chinntiú, rún a éilíonn sos cogaidh idir na dreamanna atá i mbun cogaíochta agus aistarraingt Iosrael ó dheisceart na Liobáine.
Is líniú teorann atá urraithe ag na NA agus a bunaíodh in 2000 atá sa Líne Ghorm 120 ciliméadar ar fhad.
Tá trúpaí na hÉireann tar éis a bheith i mbun seirbhíse le misean na Náisiún Aontaithe i ndeiseart na Liobáine ó bunaíodh é 40 bliain ó shin tar éis ionradh Iosrael ar an Liobáin agus fuair 47 duine de thrúpaí na hÉireann bás ar an misean.