Tar éis dó cuairt a thabhairt ar Fhondúireacht James Joyce in Zurich, leag an tUachtarán Ó hUiginn rósanna bána ag uaigh Mhuintir Uí Sheoige sa reilig Fluntern sa chathair.
Ghabh an tUachtarán buíochas le cathair Zurich as caoi a choinneáil ar an uaigh “idir inniu agus na laethanta go léir ó na 1940í”.
Bunaíodh Fondúireacht James Joyce Zurich sa bhliain 1985 agus an aidhm aici cuimhne agus saothair an scríbhneora James Joyce a chaomhnú, fear a bhí ina chónaí sa chathair, agus a bhásaigh inti ar an 13 Eanáir 1941.
Imeachtaí bainteacha:
- Statement on the death of Stephen Joyce (2020)
- Bloomsday 2020 le ceiliúradh ar bhealach speisialta de bharr Covid-19 (2020)
- Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin agus Sabina, d’fhonn aitheantas a thabhairt do Lá Bloom (2019)
- An tUachtarán in Morro Cabana, chun aistriúchán an úrscéil le Joseph O’Connor -“The Star of the Sea”- a sheoladh (2017)