Bhí Uachtarán na hÉireann ina aoi onóra i Mainistir Laoise ar ócáid chomórtha Sheachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta.
Bhí an tUachtarán i láthair ag ceann den iliomad imeachtaí a bhí ar siúl ar fud na tíre i gcomhthéacs Sheachtain na Bithéagsúlachta. Dhírigh an t-imeacht ar thábhacht na turasóireachta inbhuanaithe agus thug sé aitheantas do na saorálaithe agus do na heagrais atá i mbun oibre agus Portach Mhainistir Laoise agus bogaigh eile timpeall na tíre á n-athchóiriú acu.
Cuairt an Uachtaráin ar Mhainistir Laoise d’fhonn aitheantas a thabhairt do Sheachtain na Bithéagsúl
suíomh: Mainistir Laoise, Co. Laoise
Mainistir Laoise, Co. Laoise
Thursday, 25th May, 2017