Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn na Ghradaim d’Fhealsúna Oga Éireannacha ag searmanas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Ba é an tUachtarán Ó hUigínn a sheol na Gradaim i mí na Samhna 2017, mar fhreagra ar ghlaoch ón Uachtarán – i gcomhthéacs Thionscnamh Eitice Uachtarán na hÉireann – chun tuilleadh machnaimh agus smaointeoireachta a dhéanamh ar na cineáil scileanna a theastaíonn ó shaoránaigh inár sochaí atá ag athrú go tapa.
Tá Gradaim na bhFealsúna Óga oscailte do dhaltaí i rang 3 go rang 6 sa bhunscoil agus do gach leibhéal meánscolaíochta ar oileán na hÉireann.