Síníonn an tUachtarán Ó hUigínn Pardún Uachtaránachta don Uasal John Twiss

Déa 16th Nol, 2021 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 16th December, 2021

Síníonn an tUachtarán Ó hUigínn Pardún Uachtaránachta don Uasal John Twiss

Shínigh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn Pardún Uachtaránachta inniu don Uasal John Twiss, a cuireadh chun báis i bPríosún Chorcaí ar 9 Feabhra 1895, ag searmanas in Áras an Uachtaráin.

De réir na n-airteagal 13.6 agus 13.9 den Bhunreacht, ceadaíodh an pardún tar éis mholadh an Rialtais, a chuir tuairisc ón Dr Niamh Howlin san áireamh, inar aithníodh nár thacaigh nádúr agus méid na fianaise a cuireadh i leith an Uasail Twiss le fíorasc ciontachta.

The ceremony was attended by the Minister for Justice, Helen McEntee TD. Also in attendance was Ms Helen O’Connor, great grandniece of Mr Twiss, and her family as well as members of the Michael O’Donohoe Memorial Project, a group based in Kerry who have raised awareness of the case and worked with the Department of Justice on the pardon process.

D’fhreastail an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee TD ar an searmanas. Bhí an tUasal Helen O’Connor, garneacht an Uasail Twiss i láthair freisin, mar aon lena clann agus le baill de Thionscadal Cuimhneacháin Michael O’Donoghue, grúpa lonnaithe i gCiarraí a d’ardaigh feasacht ar an gcás, agus a d’oibrigh leis an Roinn Dlí agus Cirt ar an bpróiseas pardúin.

Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“B’údar imní seanbhunaithe é cás John Twiss do mhuintir Chiarraí, Chorcaí agus Luimnigh. Sular cuireadh chun báis é fiú, scríobh Coimisinéirí Bhaile Mhainistir Fhear Maí chuig an Ard-Leifteanant ag impí air a Dheonú Trócaire a úsáid in achainí a raibh 40,000 síniú leis, uimhir shuntasach le bailiú ag an am i gceantair tuaithe na hÉireann. Chomh maith leis sin, chuir Rialtóir Phríosún Chorcaí agus Séiplíneach an Phríosúin i láthair gur chreid siad go raibh Twiss neamhchiontach, agus léirigh an Giúiré sa Choiste Cróinéara freisin gur chreid siad neamhchiontacht Twiss. 

Cé nach féidir linn, tríd an gníomh seo, a tharla a athrú, tá sé de chumas againn anois an éagóir i gcás John Twiss a aithint. Is cúis áthais é domsa Pardún Uachtaránachta a bhronnadh air inniu, agus ar a laghad, an scéal a chur ina cheart. Tá súil agam go dtabharfaidh seo clabhsúr dá theaghlach tar éis beagnach 127 mbliana. 

Ba mhaith liom freisin Tionscadal Cuimhneacháin Michael O’Donohue a mholadh as an obair a rinneadh le haird an phobail a tharraingt ar chás John Twiss agus as an gcúnamh a thug siad le fís an phardúin a bhaint amach’.