Thaifead an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn teachtaireacht fuaime le tacú le ‘Mí an Cheoil Éireannaigh’.

All day | Céa 15th Meá, 2021 | 00:00
Thaifead an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn teachtaireacht fuaime le tacú le ‘Mí an Cheoil Éireannaigh’.

Ceiliúradh is ea togra ‘Mhí an Cheoil Éireannaigh’ ar obair na gceoltóirí agus na dtaibheoirí Éireannacha agus le hómós a léiriú ar an ról atá ag a gcuid oibre inár náisiún, agus inár gcáil dhomhanda a mhúnlú.

Beidh stáisiúin raidió rannpháirteacha ag tacú leis an gceol Éireannach trí ghníomhaíochtaí éagsúla, íosmhéid de 30% ceol Éireannach á sheinm le linn na míosa san áireamh.

Tá an tUachtarán Ó hUigínn ag tacú le cultúr agus ealaíontóirí Éireannacha le fada an lá, agus labhair sé arís agus arís eile le linn phaindéim Covid-19 ar an tábhacht a bhain le tacú le muintir na n-ealaíon.

Tá téacs theachtaireacht an Uachtaráin ar fáil thíos.

Is mian liom gach rath a ghuí orthu siúd a bheidh ag glacadh páirte, agus ag tabhairt tacaíochta, do Mhí an Cheoil Éireannaigh. 

Is é an togra seo an ghníomhaíocht chomhoibritheach is mó ó stáisiúin raidió neamhspleácha in Éirinn agus dá bharr, is gaisce stairiúil é.  Cuirfear fáilte mhór chroíúil roimh an ráiteas tacaíochta ollmhór seo do cheol Éireannach ó 25 stáisiún raidió neamhspleácha, ag obair le Hot Press, agus cuidithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann. 

Ní féidir dul thar fóir nuair a labhraítear faoi ról agus tábhacht an cheoil i saol na hÉireann. Tá ceoltóirí Éireannacha i measc ár dtaibheoirí is cumasaí agus is ionúine. Tá siad lonnaithe freisin, mar a tharlaíonn sé, i measc na gcleachtóirí is fearr dá n-ealaín ar domhan. 

Tá tóir ar ár gceoltóir, ár mbannaí agus ár dtaibheoirí i dtíortha i gcéin. Ní hamháin go dtógann na healaíontóirí seo ár dtraidisiún saibhir ceoil leo agus iad ag taisteal ar fud na cruinne, ach cinntíonn siad go leanfar leis an traidisiún beo bríomhar seo – cumhachtach agus athshondach ann féin – agus go gcuirfear é ar fáil do chultúir eile, agus do pheirspictíochtaí ealaíonta éagsúla. Is ar an gcaoi seo a bhforbraíonn an ceol Éireannach, agus é ag feidhmiú i gcónaí mar scáthán cumhachtach ar an tsochaí inathraithe ina maireann sé. 

Agus muid ag teacht amach, go mall, ó phaindéim Covid-19, a chaith scáth dorcha ar réimse éagsúla dár saol, an cultúr ina measc, beidh tuiscint as an nua againn ar an ionchur sárluachmhar atá ag na healaíona, agus ag an gcultúr i gcoitinne, inár saolta comhroinnte. 

Mar aon lenár n-ealaíontóirí, cuireann ceoltóirí na hÉireann fís chruthaitheach atá saibhir, álainn agus spreagúil os ár gcomhair amach mar shochaí. Ach anuas air seo, bíonn siad ag múnlú agus ag athrú an scéal mar atá, ar bhealach cróga a bhfuil saoirse ag baint leis. 

Tríd an chaibidil dhúshlánach is déanaí seo inár saolta comhroinnte, a raibh an spás cultúrtha agus gairmeacha na ndaoine a n-oibríonn ann faoi bhagairt, tharraing mé misneach ó nuálaíocht phobal na n-ealaíon agus iad ag teacht ar bhealaí cruthaitheacha, samhlaíocha le cosán dearfach a leagadh, iad ag tabhairt faoi ábhair imní ár ndaoine, mar aon lena mianta agus a mbrionglóidí, a léiriú. 

Bhíodh tacaíocht fhial, fhonnmhar ár saoránach i gcónaí mar údar mór misnigh, agus is teist láidir í seo ar thábhacht an tsaothair ealaíonta le linn tréimhsí dúshlánacha, imníocha. 

Is céim chun tosaigh ar an teist seo í Mí an Cheoil Éireannaigh. Ráiteas domhain eile is ea í ar ról lárnach an chultúir inár saol; ar dhúthracht na ndaoine díograiseacha sa phobal ealaíonta le rochtain ar an gcultúr sin a dheimhniú; agus ar an tacaíocht atá ann dóibh ó na meáin chumarsáide, gné atá thar a bheith tábhachtach agus tallann ealaíne á cothú. 

Níl drogall ar bith orm a rá go bhfuilimid go mór faoi chomaoin ag na 25 stáisiún raidió neamhspleácha, atá scaipthe ar fud an oileáin – agus iad ag feidhmiú mar nasc speisialta do shaoránaigh na tíre agus do lucht leanúna an cheoil i ngach seánra – as tacaíocht a thabhairt don ócáid thábhachtach seo; agus do Hot Press, a bhfuil lorg luachmhar, marthanach fágtha acu ar an gceol Éireannach thar na mblianta fada. 

Gabhaim buíochas leo, agus leo siúd ar fad atá páirteach i Mí an Cheoil Éireannaigh, agus guím gach rath oraibh leis an togra luachmhar, samhlaíoch seo. 

Go raibh míle maith agaibh go léir.