Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir na Spáinne go hÉirinn ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil

Déa 25th Dei, 2018 | 16:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 25th October, 2018

Fáiltíonn an tUachtarán roimh Ambasadóir na Spáinne go hÉirinn ar chuairt chúirtéise le slán a fhágáil

D'fháiltigh an tUachtarán roimh A. Sh. An tUasal José María Rodríguez-Coso, Ambasadóir na Spáinne chun na hÉireann, ar chuairt chúirtéise, le slán a fhágáil inniu. 

Nuair a shroicheann ambasadóirí deireadh a dtéarma, tugann an tUachtarán cuireadh dóibh teacht ar chuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin le buíochas a ghlacadh leis na hambasadóirí as a gcuid seirbhíse, le héisteacht lena dtaithí ar Éirinn agus le plé a dhéanamh ar thuairimí an ambasadóra atá ag imeacht ar cheisteanna atá bainteach leis an gcaidreamh déthaobhach.