
Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh ionadaithe ó Dhamhsa Éireann chuig Áras an Uachtaráin ar ghlao cúirtéise.
Is é Damhsa Éireann eagraíocht náisiúnta forbartha damhsa na hÉireann, agus tacaíonn sé le forbairt gach cineál damhsa in Éirinn trí dheiseanna forbartha gairmiúla agus abhcóideacht.