
Cuirfidh an tUachtarán Higgins fáilte roimh Éilis Ní Dhuibhne, Laureate for Irish Fiction, go Áras an Uachtaráin ar chuairt cúirtéise.
Ceapadh Éilís Ní Dhuibhne ina Laureate for Irish Fiction i mí Iúil 2025
Is tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon é Laureate of Irish fiction Tá sé mar aidhm ag an ról aitheantas a thabhairt do ranníocaíocht scríbhneoirí ficsean i saol ealaíonta agus cultúrtha na hÉireann trí ómós a thabhairt do scríbhneoir ficsean Éireannach aitheanta, glúin nua scríbhneoirí a spreagadh, litríocht na hÉireann a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus an pobal a spreagadh chun spéis a bheith acu i bhficsean Éireannach ardchaighdeáin.