
Bhronn fear Monica Frawley, Vincent Woods, agus a neacht, Katy West, cóip den leabhar 'Costume', a dhéanann ceiliúradh ar shaothar an ealaíontóra agus an dearthóra Monica Frawley, nach maireann, ar an Uachtarán Ó hUigínn.
Ba í Monica, a bhí ar cheann de na dearthóirí amharclainne ba mhó a raibh cion agus meas uirthi, a chruthaigh coincheap agus leagan amach an leabhair sa bhliain 2019, agus ba iad Vincent agus Katy a thug chun críche é. Tá os cionn 40 sceitse, líníocht agus grianghraf carachtar ón stáitse sa leabhar.