Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Robert Kearns Uasal, Cathaoirleach Fhondúireacht na hÉireann agus Cheanada, ar Chuairt Chúirtéise

hAo 20th Nol, 2024 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Cuireann an tUachtarán fáilte roimh Robert Kearns Uasal, Cathaoirleach Fhondúireacht na hÉireann agus Cheanada, ar Chuairt Chúirtéise

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh Robert Kearns Uasal, Cathaoirleach Fhondúireacht na hÉireann agus Cheanada, go hÁras an Uachtaráin ar Chuairt Chúirtéise. 

Is í aidhm Fondúireacht na hÉireann agus Cheanada ná le ceiliúradh a dhéanamh ar ionchur mhuintir na hÉireann i gCeanada. Is é Robert Kearns a bhunaigh an eagraíocht i 1997 ar mhaithe le spás poiblí a bhunú agus comóradh a dhéanamh, ar imircigh An Ghorta Mhóir a thuirling in Toronto in 1847.

Bronnadh Gradam um Sheirbhís den Chéad Scoth an Uachtaráin air in 2016 ag searmanas in Áras an Uachtaráin.