Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilteroimh bhaill Chumann Sábhála Síolta Éireann chuig Áras an Uachtaráin ar ghlao cúirtéise.
Is eagraíocht neamhbhrabúis iad Cumann Sábhála Síolta Éireann a choinníonn an t-aon bhanc síl poiblí in Éirinn, le níos mó ná 800 cineál síolta nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála.
I mí an Mheithimh 2012, d'oscail an tUachtarán Ó hUigínn Banc Síl Chumann Sábhála Síolta Éireann go hoifigiúil. Áis thábhachtach d'Éirinn, ó thaobh caomhnú, bithéagsúlachta agus slándála bia de.