Ar an 10 Deireadh Fómhair, bhronn Ollscoil na hAstráile Thiar céim oinigh Dochtúireachta sa Dlí ar an Uachtarán Ó hUigínn.
Tar éis an bhronnta, rinne an tUachtarán agus Saidhbhín freastal ar cheolchoirm , 'Another Sense of Ireland'.
Léiríodh an cheolchoirm ‘A Sense of Ireland’ mar chuid de chomórthaí céad bliain 1916 agus léiríodh den chéad uair ar stáitse é ar an 30 Aibreán 2016 san Octagon Theatre in Perth. Léiríodh é faoi choimirce Chumann Oidhreachta na hAstráile-Éireann, agus ba é Frank Murphy a cheap agus a stiúir é. Ba cheiliúradh ar oidhreacht shaibhir na hÉireann sa cheol, amhránaíocht, drámaíocht, filíocht, véarsaíocht agus damhsa a bhí sa léiriúchán agus bhí daoine tallannacha áitiúla as an Astráil Thiar páirteach ann, idir dhaoine de dhúchas na hÉireann agus dhaoine de shliocht Éireannach.