Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh A.Sh. He Xiangdong, Ambasadóir Dhaon-Phoblacht na Síne, ar chuairt chúirtéise fágála
Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh ambasadóirí nua. Tá ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn nuair a ghlacann an tUachtarán lena nDintiúir.
Ag deireadh a théarma, tugann an tUachtarán cuireadh do na hAmbasadóirí ar Chuairt Chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin, chun buíochas a ghabháil leo as a seirbhís, a dtaithí in Éirinn a chloisteáil agus tuairimí an Ambasadóra a phlé maidir le fadhbanna atá ábhartha dár gcaidreamh déthaobhach.
I mí Eanáir 2024, chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh A.Sh Li Qiang, Premier Dhaon-Phoblacht na Síne go hÁras an Uachtaráin.