Tá an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn siad i bhfách go mór le fada an lá le cearta an Lucht Siúil agus le meas ar fhéiniúlacht ar leith an Lucht Siúil taobh istigh de chreatlach shóisialta na hÉireann.
Tá an argóint á déanamh ag an Uachtarán go bhfuil bunluachanna ár bPoblachtat ann agus ina measc tá an tiomantas do dhéileáil le gach saoránach go cothrom, do rannpháirtíocht fhiúntach gach saoránach, agus do dheireadh a chur le claontachtaí agus le bacainní praiticiúla a thagann roimh fhíorú chearta na ndaoine go léir. Tá sé ráite ag an Uachtarán gurb iad an chruthaitheacht, an cuimsiú agus meas ar a chéile atá taobh thiar d’inmharthanacht ár sochaí go fírinneach.
Imeachtaí bainteacha:
- D’oscail an tUachtarán taispeántas dar teideal “Turas an Lucht Siúil” go hoifigiúil: https://president.ie/en/diary/details/president-officially-opens-an-exhibition-entitled-travellers-journey (2018)
- Thug an tUachtarán cuairt ar imeacht chun comóradh a dhéanamh ar eitneacht an Lucht Siúil: https://president.ie/en/diary/details/president-visits-event-marking-the-anniversary-of-traveller-ethnicity (2018)
- Bhronn baill Ionad Pavee don Lucht Siúil agus do Romaigh biorán eithneachta ar an Uachtarán: https://president.ie/en/diary/details/members-of-pavee-point-traveller-and-roma-centre-present-the-president-with (2017)
- Bhí an tUachtarán i láthair ag imeacht chun 30 bliain d’Ionad Pavee a cheiliúradh: https://president.ie/en/diary/details/president-attends-an-event-celebrating-30-years-of-pavee-point (2015)
- Chuir an tUachtarán fáilte roimh an nGrúpa Oideachais um Forbairt Tionscadail de chuid Ghrúpa Gníomhaíochta Lucht Siúil Bhaile Formaid: https://president.ie/en/diary/details/president-receives-ballyfermot-traveller-action-project-development-educati (2012)