Gradam Ceoil TG4 á bhronnadh ag an Uachtarán, an phríomhghradam á bhronnadh ar Frankie Gavin

Dom 4th Fea, 2018 | 21:00
suíomh: An tÉadan le hUisce, Béal Feirste
Gradam Ceoil TG4 á bhronnadh ag an Uachtarán, an phríomhghradam á bhronnadh ar Frankie Gavin

Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina aoi onóra ar ócáid cheiliúrtha an cheoil thraidisiúnta - Gradam Ceoil TG4 – i mBéal Feirsde.

Bhí sé seo ar an gcéad ócáid ina stair 21 bliain a raibh an Gradam Ceoil ar siúl in Ulaidh.