![Gaisce - Gradaim Óir an Uachtaráin á mbronnadh ag an Uachtarán](/images/made/44d1dc18a2367c64/pic29498_720_480.jpg)
Is scéim gradam an Uachtaráin atá in Gaisce a bhfuil sí mar aidhm aige an acmhainn atá san óige a chothú trína spreagadh cuspóirí a leagan amach i réimsí éagsúla agus ansin iad a bhaint amach.
Ag searmanas bronnta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheantas do dhaoine óga a chaith a gcuid ama go deonach le heagrais dheonacha, ag obair leis na bochtáin, na daoine aosta agus le daoine faoi mhíchumas agus ag glacadh páirte i ngrúpaí agus i gclubanna óige.