Féile Bloom á hoscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Déa 31st Bea, 2018 | 11:00
suíomh: Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath
Féile Bloom á hoscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

D'oscail an tUachtarán Ó hUigínn Bloom in the Park, an fhéile bhia agus bhláthanna is mó in Éirinn.


Gach bliain déanann an tUachtarán an fhéile a oscailt go oifigiúil. 


Tá an tUachtarán ina éarlamh ar an bhféile a tharraingíonn os cionn 100,000 cuairteoir, agus tapaíonn sé an deis a bhíonn aige le féachaint ar ghairdíní taispeántais agus le labhairt le daoine faoi thábhacht na hinbhuanaitheachta sa talmhaíocht agus sa ghairneoireacht - prionsabail a chleachtaítear gach lá i ngairdíní Áras an Uachtaráin.  


Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gcúram a dhéantar de na gairdíní san Áras, is féidir leat féachaint ar an bhfíseán seo: https://youtu.be/H1txw6J5gnA