Droichead Martin Savage, á ainmniú go hoifigiúil ag an Uachtarán

hAo 20th Aib, 2018 | 16:00
suíomh: Baile Easa Dara, Co. Shligigh
Droichead Martin Savage, á ainmniú go hoifigiúil ag an Uachtarán

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt ar Bhaile Easa Dara chun Droichead Martin Savage a ainmniú go hoifigiúil.
Ainmníodh an droichead as Martin Savage ó Bhaile Easa Dara, Co. Shligigh.
Throid Martin Savage le taobh an Phiarsaigh agus an Chonghailigh in Ard-Oifig an Phoist le linn Éirí Amach na Cásca. Tháinig sé slán as an troid agus coinníodh é i nDún Richmond i mBaile Átha Cliath, agus cuireadh i bpríosún sa Bhreatain ina dhiaidh sin é. Ar an 19 Nollaig 1919, fuair sé goin a bháis le linn luíocháin a rinneadh ar an Tiarna French, Ceannasaí Uachtarach Arm Shasana in Éirinn, ar tugadh Luíochán Bhaile an Ásaigh ina dhiaidh sin air.