Osclaíonn an tUachtarán an t-imeacht ‘Big Irish Echo Campfire’

hAo 28th Lún, 2020 | 16:00
Osclaíonn an tUachtarán an t-imeacht ‘Big Irish Echo Campfire’

Osclóidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an t-imeacht ‘Big Irish Echo Campfire’ go foirmiúil.

Agus gníomhaithe agus tacadóirí Gael-Mheiriceánacha ó na Stáit Aontaithe á dtabhairt le chéile, tá sé mar aidhm ag an gcruinniú ‘Campfire’ ardú meanma a thabhairt le linn phaindéim Covid-19 agus comhrá a spreagadh faoin tslí is fearr chun pobail in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe a thabhairt níos gaire dá chéile.

Tabharfaidh cainteoirí aghaidh ar na dúshláin i raon leathan earnálacha, lena n-áirítear an gnó, na healaíona, an pholaitíocht, an spórt, an oidhreacht agus an turasóireacht le linn an imeachta.

Ó toghadh é mar Uachtarán na hÉireann, tá diaspóra na hÉireann agus ceisteanna a bhaineann leis an imirce socraithe aige mar cheann de théamaí lárnacha a Uachtaránachta.  

Tá aird tarraingthe ag an Uachtarán ar an acmhainn luachmhar atá sa diaspóra, agus aitheantas tugtha aige don chion oibre atá déanta ag an iliomad Éireannach ar son na náisiún a ndeachaigh siad ar imirce chucu. Ar an tslí chéanna tá muintir na hÉireann i gcéin agus i gcóngar spreagtha aige chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ag lorg tearmainn agus sábháilteachta in Éirinn.

Ina aitheasc, déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn machnamh ar an “gceangal domhain atá idir muid agus ár muintir Ghael-Mheiriceánach” agus ar an misneach morálta, an nuálaíocht agus an diongbháilteacht a theastóidh chun todhchaí iarphaindéime a chruthú.

 

 

Related events: