Leag an tUachtarán amach a chur chuige maidir le “heitic na cuimhne”.
Ón am a insealbhaíodh é, labhair an tUachtarán Ó hUigínn go minic faoin “Deich mBliana de Chomórthaí Céad Bliain”‘, agus thug sé chun cuimhne eachtraí 100 biain ó shin – ón bhFrithdhúnadh Mór in 1913 agus tús an Chéad Chogaidh Dhomhanda go dtí Éirí Amach 1916, go dtí Cogadh na Saoirse agus tús an Chogaidh Chathartha – agus faoi thábhacht cur chuige macánta agus uileghabhálach i dtaca leis an gCuimhne.
"Is deis atá sa deich mbliana seo de chomórthaí céad bliain chun machnamh a dhéanamh ar an tslí a ndearnadh athnuachan ar Éirinn tríd an gcuimhne agus tríd an tsamhlaíocht – agus gur cheart anois í a athnuachan an athuair."