Dé Máirt, 18 Meán Fómhair, d'osclail an tUachtarán Ó hUigínn an 87ú Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, a bhí ar siúl ar an Screagán, i gContae Uíbh Fhailí.
Tá an tUachtarán tar éis a bheith i láthair ag an an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta gach bliain ó insealbhaíodh é in 2011, agus chuir sé síos air go minic mar “sampla sármhaith d’ardéirim na hÉireann” agus mar “an choinne is mó a bhfuil tóir uirthi i bhféilire tuaithe na hÉireann.”
Bhain an tUachtarán leas as a chuairt ar fhéile 2018 chun moladh a thabhairt do scileanna agus d’inniúlachtaí na rannpháirtithe sa chomórtas, agus chun machnamh a dhéanamh ar na fadhbanna a chuireann isteach ar thalmhaíocht na hÉireann, ar theaghlaigh talmhaíochta agus ar phobail tuaithe.
Is féidir leat óráidí an Uachtaráin ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i mblianta roimhe seo a léamh nó a chloisteáil anseo:
* Óráid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2017, An Screagán, Co. Uíbh Fhailí
* Óráid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2016, An Screagán, Co. Uíbh Fhailí
* Óráid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2015 , Ráth an Uisce, Co. Laoise
* Óráid ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2014, An Sráidbhaile, Co. Laoise