Rinne an tUachtarán Ó hUigínn an tIonad nua Fionnachtana agus Foghlama i Zú Bhaile Átha Cliath a oscailt go hoifigiúil.
Tá mol oideachais tiomnaithe san Ionad i Zú Bhaile Átha Cliath, ina bhfuil dhá sheomra ranga, léachtlann bheag agus Ionad Fionnachtana, chomh maith le halla i gcomhair léachtaí agus comhdhálacha.
Bhí an t-imeacht ar an dara cuairt oifigiúil ag an Uachtarán Ó hUigínn ar Zú Bhaile Átha Cliath – i mí an Mheithimh 2015, d’oscail an tUachtarán an láthair nua i gcomhair na mór-rónta.
Ionad um Fhionnachtain agus um Fhoghlaim á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán
suíomh: Zú Bhaile Átha Cliath