An tUachtarán Ó hUigínn ar cuairt ar cheanncheathrú New Zealand Rugby

Mái 24th Dei, 2017 | 16:00
suíomh: Wellington, An Nua-Shéalainn
An tUachtarán Ó hUigínn ar cuairt ar cheanncheathrú New Zealand Rugby

Ar an dara lá dá Chuairt Stáit ar a Nua-Shéalainn, thug an tUachtarán Micheal D. Ó hUigínn cuairt ar cheanncheathrú New Zealand Rugby in Wellington.

Rinne an tUachtarán bronnadh speisialta ar Chumann Rugbaí na Nua-Shéalainne in onóir an Éireannaigh, Dave Gallaher, an chéad chaptaen ar fhoireann chamchuairte  na All Blacks, agus comóradh céad bliain á dhéanamh ar a bhás in Passchendaele ar an 4 Deireadh Fómhair 2017. Bhí an tUasal Gallaher ina chaptaen ar fhoireann na Nua-Shéalainne in 1905 ar a chuairt ar an mBreatain, ar an bhFrainc agus ar Mheiriceá Thuaidh. Ba é seo an chéad uair a baineadh úsáid as an ainm ‘All-Black’ ar fhoireann rugbaí na Nua-Shéalainne agus ba é an chéad uair, freisin, a chuaigh an fhoireann ar thuras amach as an Astraláise.

Labhair an tUachtarán faoin gceangal idir Éire agus an Nua-Shéalainn i gcúrsaí rugbaí, agus luaigh sé Dave Gallaher agus Joe Schmidt, chomh maith leis na Black Ferns, an fhoireann a thug an chraobh dhomhanda leo le gairid i mBéal Feirste, os comhair an tslua is mó a d’fhreastail riamh ar chluiche rugbaí na mban.

Thapaigh an tUachtarán an deis chomh maith le tacaíocht na Nua-Shéalainne a lorg le haghaidh iarracht na hÉireann an Craobhchomórtas Domhanda sa Rugbaí a reáchtáil in 2023, agus dhearbhaigh sé do Chumann Rugbaí na Nua-Shéalainne go raibh tacaíocht ann ón bpobal don iarracht agus luaigh sé go dtugann an rugbaí daoine le chéile ar oileán na hÉireann.