Buaileann an tUachtarán le QU Dongyu, Ard-Stiúrthóir Eagraíocht Talmhaíochta agus Bia na Náisiún Aontaithe

Déa 16th Meá, 2021 | 16:00
Buaileann an tUachtarán le QU Dongyu, Ard-Stiúrthóir Eagraíocht Talmhaíochta agus Bia na Náisiún Aontaithe

I gcomhthéacs ról na hÉireann ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus cruinniú mullaigh Chórais Bia na NA atá le teacht, bhuail an tUachtarán Ó hUigínn leis an Uasal Qu Dongyu, Ard-Stiúrthóir Eagraíocht Talmhaíochta agus Bia na Náisiún Aontaithe (FAO).

Tá Éire ina ball den FAO ón mbliain 1946, agus díríonn sí a cuid tacaíochta ar chúnamh forbartha fadtéarmach i naoi gcomhpháirtí tíortha (An Aetóip, Leosóta, an Mhaláiv, Mósaimbíc, Siarra Leon, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Uganda, Vítneam agus an tSaimbia)