Chuir an tUachtarán Michel Aoun fáilte roimh an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn chuig Pálás an Uachtaráin i mBéiriút.
Rinne an tUachtarán O hUigínn iniúchadh ar an ngarda onóra ag Pálás an Uachtaráin, roimh a chruinniú le hUachtarán na Liobáine.
Reáchtáladh na cruinnithe i Seomra Suí an 22 Samhain, a ainmníodh as lá náisiúnta na Liobáine, a dhéanann comóradh ar dheireadh údarás na Fraince sa Liobáin in 1943.
Shínigh an tUachtarán Ó hUigínn Leabhar na gCuairteoirí i bPálás an Uachtaráin.