![Buaileann an tUachtarán le Comhaltaí an Gharda Síochána atá ag feidhmiú sa Chipir](/images/made/44d1dc18a2367c64/NO_FEE_PRES_HIGGINS_CYPRUS_UNPOL_CLUB_MX-1_720_575.jpg)
Thug an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn cuairt ar fhórsa Phóilíní na Náisiún Aontaithe sa Chipir (UNPOL).
Is é an ról atá ag UNPOL riail agus reacht a chothabháil agus a athbhunú i gcrios maolánach na NA ar an oileán, agus tá 68 póilín as naoi dtír san fhórsa. Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn leis an 12 bhall den Gharda Síochána atá i mbun seirbhíse sa Chipir le UNPOL.