
A chairde dhil,
Ó thárla go mbeidh Lá Fhéile Pádraig seo 2025 ar an gceathrú huair déag agus mar sin an uair dheiridh agam mar Uachtarán na hÉireann, dea-ghuí in bhur ndóchas agus in bhur mbeatha, a sheoladh chugaibh ar fad, sa bhaile agus i gcéin, spreagadh mé le machnamh arís ar na príomhthéamaí ar dhírigh mé orthu roimhe seo.
Bhí, ina measc sin, an riachtanas chun smaoineamh ar an ngeilleagar mar uirlis neadaithe laistigh de shraith luachanna a d’éiligh cothromaíocht, cuimsiú, an cumas is iomláine le bheith páirteach, agus an chruthaitheacht a roinnt agus iarracht na luachanna sin ar fad a dhéanamh beag beann ar theorainneacha, ach leis an dúchas sin a bhaineann lenár ndaonnacht chomhroinnte.
Ba é sin, dar liom, an léiriú is fearr ar ár nÉireannachas agus an t-éacht is mó a bhaineann leis.
Agus mé ag fágáil slán leis an Uachtaránacht, ba mhaith liom a dhearbhú arís, go bhfuil tábhacht le focail, agus ina theannta sin go bhfuil tábhacht le smaointe.
Labhair mé faoi na hábhair seo sa bhaile agus i gcéin, faoi chomh cinnte agus atá mé go bhfuil sé indéanta domhan a chruthú a thugann aghaidh ar na dúshláin seo le luachanna comhroinnte.
Agus mé ag smaoineamh an athuair ar na díospóireachtaí a tháinig chun cinn in amanna mar thoradh ar na bunturais intinne sin, bhí an chosúlacht air gur chríochnaigh an plé i gcónaí leis an tuairim gur “cúrsaí sainleasa is tábhachtaí” agus é tugtha le tuiscint gur annamh a ghéilltí don tábhacht a bhaineann le luachanna.
Tá fíor-éachtaí déanta ag Éireannaigh agus iad i mbarr a maitheasa le dul i ngleic leis an deighilt bhréagach seo. Tá, mar shampla, na milliúin duine ar fud an domhain gur lú anois an bhochtaineacht, an gorta, nó an phríosúnacht ina maireann siad mar thoradh d’iarrachtaí a rinne an oiread sin Éireannach agus daoine eile den meoin céanna ar a son; daoine a thairg a mbeatha agus a gcuid scileanna ar son na daonnachta, le meas ar an éagsúlacht, daoine a chreid go dtugann an tslándáil is tábhachtaí cúl le bochtanas agus go gcothaíonn sí an ceart chun bia, dídine agus oideachais, bunriachtanais na beatha.
Nuair a bhaintear slándáil den sórt sin amach, cuirtear na deiseanna is fearr ar fáil don rannpháirtíocht, síocháin, daonlathas agus ceannaireacht, nithe a chuirfidh ar fáil roghanna cearta mar chuid den smaointeoireacht fhadtéarmach.
Is bréag é a cheapadh nach leor go mbeadh dearcadh teibí ar leasanna i gcoimhlint le luachanna ach go gcaithfí, in amanna, a bheith ag iarraidh na luachanna sin a chloí.
Tá siad siúd ann a dhiúltaíonn don chur chuige gur chóir dúinn spreagadh a thabhairt nó a molann mar inspioráid don bheatha do leagan teibí den saol bunaithe ar charnadh saibhris, ar shaint gan srian, saint saor go hiomlán gan áireamh nó gan chuntas de chineál ar bith ar leas “an duine eile”, ag cothú leagan dóibh féin nach féidir a shásamh riamh, mar mhalairt ar dhomhan le deiseanna agus dualgais atá nasctha agus ceangailte le chéile.
Agus muid ag ceiliúradh an Lá Fhéile Pádraig seo, déanaimid sin i ndomhan atá ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin mhéadaithe ó fhórsaí deighilteacha, ag eirí níos míchothrom, agus an díghrádú follasach ar ár ndomhan nádúrtha a fhágann drochthionchar na hathrú aeráide mar uallach orthu siúd is lú atá mar chúis leis.
Chonaic cuid dár bpobal iarmhairtí uafásacha Stoirm Éowyn ag deireadh mhí Eanáir. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt as a gcuid iarrachtaí dóibh siúd go léir a d’oibrigh le dul i ngleic leis an scrios a rinne an stoirm, na chéad fhreagróirí ar fad san áireamh.
Go hidirnáisiúnta, feicimid teorainneacha á ndúnadh orthu siúd atá ag teitheadh le teann éadóchais, agus cúnamh á chosc go cruálach orthu siúd is mó atá i ngátar. Tá na hiarrachtaí cabhrachta atá ag teastáil in iliomad áiteanna mar thoradh ar an diúltú, éisteacht i gceart, le glór na ndaoine is leochailí inár measc.
In amanna mar sin, is cuí dúinn an cheist a chur orainn féin: cén sórt domhain ar mian linn a mhúnlú?
An ligfimid don faitíos ceannas a fháil ar an dlúthpháirtíocht, tá forsaí ann nach bhfuil uathu ach cumhacht le cur ar a gcumas na nascanna sin a scrios a cheanglaíonn sinn le chéile? An bhfuilimid chun cúl a thabhairt leis an iarracht chun síocháin le héagsúlacht a bhaint amach?
Bhéinn den tuairim go n-éilíonn ceisteanna den sórt sin freagraí a thugann aghaidh ní hamháin ar ár dtuiscint reatha ar na géarchéimeanna éagsúla atá ag idirghníomhú le chéile ach freisin ar ár ndualgais i leith na nglúnta atá le teacht, iadsan ar cheart dúinn glacadh leis go bhfuil sé de cheart acu maireachtáil ar an domhan seo i dtiúin leis an dúlra, a mbeatha a chaitheamh agus iad slán ó thorthaí na hoidhreachta de smaointeoireacht lochtach agus de charnadh agus de chaitheamh saibhris gan teorainn atá á fhágáil le huacht againn acu.
Ní mór dúinn diúltú don tuairimíocht a mhaíonn go bhfuil idéil saonta,
nó nach féidir iad a bhaint amach agus ina áit sin, ní mór dúinn a aithint gurb iad na hidéil, nuair a leanadh dóibh le misneach, is treise agus is tréine a d’fhág a lorg ar stair an chine dhaonna.
Tá tábhacht le machnamh. Tá tábhacht le focail. Tá tábhacht leis an chaoi a úsáidtear machnamh agus focail lena chéile.
Má ghéillimid don chaint go bhfuil nithe ann nach féidir a sheachaint mar leagan simplí ceannasach den chaidreamh idir an geilleagar agus an saol, má ghlacaimid leis go bhfuil cogadh dosheachanta, nach féidir neamhionannas a chloí, go bhfuil scrios na timpeallachta ina chostas riachtanach ar an dul chun cinn, ansin caithfimid uainn aon seans ar athrú iomlán ó bhonn a thabhairt i bhfeidhm, ní hamháin dúinn féin ach do na glúnta atá le teacht.
Ag mé ag machnamh ar na téamaí a bhí lárnach i mo Uachtaránacht, seasaim go láidir fós leis an tuairim go bhfuil malairt bealaí ann le maireachtáil le chéile ar an bpláinéad leochaileach seo – bealaí nach bhfuil múnlaithe ag fís chúng ar mhaithe linn féin amháin ná ag polaitíocht an saint, ach atá bunaithe ar dheiseanna, ar aoibhneas agus ar chomhbhá a roinnt le chéile agus leis an nádúr – bealaí a d’fhéadfadh teacht as polasaithe a bheadh neadaithe i ndearcadh morálta fadtéarmach ó ghlúin go glúin.
Tá an méid seo ar fad indéanta má oibrímid ar fad le chéile, inár mbealaí éagsúla.
Tá dóchas ann. Léiríonn scéal Phádraig, ar chosán na tuisceana, ar chosán na freagrachta comhroinnte, áit nach mbaintear leas as ár ndifríochtaí mar bhagairtí ach a nglactar leo mar chuid den saibhreas daonna; malairt scéil é sin atá bunaithe ar mhisneach eiticiúil agus a shaorann muid agus atá mar chomhartha dóchais agus sóláis sna cúinsí reatha.
Agus sinn ag machnamh ar theachtaireacht Phádraig ar ár Lá Náisiúnta, déanaimis sin agus é mar inspioráid againn chun tuiscint roinnte níos doimhne a fhorbairt ar an gcinniúint eiseach atá ag bagairt ar an gcine daonna anois agus amach anseo, ar an mbeatha mar atá sé á chaitheamh agus á fhulaingt le hanró agus le trioblóid gan chúis. Smaoinímis ar struchtúr institiúideach a d’fheicfeadh gur deis atá i gceist le difríocht le muid a threorú i dtreo comhoibriú a chothóidh muid agus i dtreo spriocanna comhroinnte.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh ar fad, pobal na hÉireann, as an muinín a chuir sibh ionam le ceithre bliana déag anuas. Is mór an onóir agus an phribhléid i gcónaí é a bheith i mbun seirbhíse in bhur measc, casadh libh in bhur bpobail, agus bhur gcineáltas, bhur gcomhbhá agus bhur bhflaithiúlacht a fheiceáil ar iliomad bealaí éagsúla. Mairfidh an chuimhne sin liom i gcónaí.
Thug sibh an tacaíocht chéanna sin do Shaidhbhín, mo chomhpháirtí i ngach a raibh mé ag iarraidh a bhaint amach, agus táimid beirt fíorbhuíoch as sin; cuimhneoidh muid i gcónaí ar an bhfáilte a chuir sibh romhainn agus ar an aoibhneas a bhain le bheith in bhur gcomhluadar.
Meabhraítear dom i gcónaí go bhfuil, d’ainneoin na ndúshlán go léir atá romhainn, tiomantas domhain agus dochloíte i muintir na hÉireann chun féachaint lasmuigh dúinn féin mar dhaoine aonair, an duine eile a fheiceáil mar chara, agus seasamh le prionsabail na flaithiúlachta, an fhiúntais agus an aire dá chéile.
Agus deireadh mo thréimhse oifige ag teannadh linn creidim
go láidir fós san fhéidearthacht go mairfidh an iarracht leanúnach seo chun poblacht bunaithe ar chomhionannas, ar chuimsiú agus ar mheas ar a chéile a thógáil. Tiocfaidh sé chun bhláthú agus sinn ag doimhniú ár dtuisceana agus ár bhfeasacht agus muid ag glacadh freagracht agus sásamh as maireachtáil i dteannta a chéile go síochánta.
Ar Lá Fhéile Pádraig na bliana seo 2025, géillimis do spiorad Naomh Pádraig trínar bhfreagrachtaí dá chéile a aithint; bíodh sé mar rún againn dlúthpháirtíocht nua a chothú le chéile agus lenár dteaghlach domhanda, chomh maith lenár dtiomantas don dínit agus don leas uileghabhálach do gach duine a dhearbhú arís, agus sinn ag tógáil domhan atá cothrom agus trócaireach, mar léiriú ar an gcuid is fearr dár ndúchas mar dhaoine.
Guím Lá Fhéile Pádraig sona, síochánta agus lán dóchais oraibh go léir, cibé áit a bhfuil sibh.
Beir beannacht an lá is do’n todhchaí.