An tUachtarán ag comóradh 25 bliana ó nochtadh “Gabháil Chríost” le Caravaggio

Déa 15th Sam, 2018 | 11:00
suíomh: Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath

Thursday, 15th November, 2018

An tUachtarán ag comóradh 25 bliana ó nochtadh “Gabháil Chríost” le Caravaggio

Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le Stiúrthóir Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann Seán Rainbaird, an tOllamh Richard Spear, an tAthair Noel Barber, agus iar-Stiúrthóir an Ghailearaí Raymond Keaveney, chun nochtadh ‘Gabháil Chríost’ le Michelangelo Merisi da Caravaggio cothrom an lae sin a chomóradh.

Nochtadh an pictiúr i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann 25 bliain ó shin an mhí seo.  

Ba é Sergio Benedetti, a bhí ag obair mar chaomhnóir i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann a fuair ‘Gabháil Chríost’ i mBaile Átha Cliath in 1990. Ba é an t-ealaíontóir Iodálach Caravaggio a phéinteáil an pictiúr in 1602. Chuir an tOrd Íosagánach, úinéirí an phictiúir, cúram an tsaothair ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus é tugtha dó ar iasacht ar feadh tréimhse éiginnte.