Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ócáid ómóis náisiúnta d’oibrithe na tíre ar an líne thosaigh ag 6 pm ar Lá Ceoil na hEorpa, Dé Domhnaigh 21 Meitheamh.
Bhí ceoltóirí i dteannta an Uachtaráin Uí Uigínn ar chéimeanna Áras an Uachtaráin chun Óid don Lúcháir de chuid Beethoven, Aintiún na hEorpa, a sheinm, sula leanadh leis an gcomhartha ómóis agus grúpa níos mó de cheoltóirí agus amhránaithe á stiúradh ag an soprán aitheanta Mairéad Buicke ar chéimeanna an Cheolárais Náisiúnta i mBaile Átha Cliath.
Ansin rinneadh Óid don Lúcháir a mhacallú ar fud an náisiúin ar fad mar a n-iarrfar ar cheoltóirí agus ar dhaoine a bhfuil dúil acu sa cheol a gcomhartha ómóis féin a léiriú ar Lá Ceoil na hEorpa in ómós do na hoibrithe ar an líne thosaigh taobh istigh dá bpobail áitiúla, agus scaradh fisiceach á dhéanamh acu.