Leag an tUachtarán bláthfhleasc ag leacht cuimhneacháin na hAstráile ar an nGorta Mór.
Déanann an leacht cuimhneacháin ar an nGorta Mór comóradh ar na mná óga a tháinig ó thithe na mbocht in Éirinn go dtí an Astráil idir 1848 agus 1850 trí scéim eisimirce speisialta.
Ba é teacht i dtír 4,000 bean óg shingil san Astráil, ar dhéagóirí an chuid ba mhó díobh, a spreag tógáil an leachta. Tháinig siad faoi scéim eisimirce speisialta a ceapadh chun cailíní beo bochta a bhí i dtithe na mbocht in Éirinn le linn an Ghorta Mhóir a athlonnú.
Seasann an 420 ainm atá greannta i bpainéil ghloine an leachta chuimhneacháin don 4114 eisimirceach uile ó thithe na mbocht.
“Sainítear sinn mar phobal trína mbíonn á chomóradh againn”.