Sheol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Ionad Barr Feabhais nua Jean Monnet i nGeilleagar Nua Polaitíochta na hEorpa de chuid UCD.
Is é ról an Ionaid tuiscint ar bhunfhírinní nua polaitíochta agus eacnamaíochta an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus torthaí an taighde sin a scaipeadh chuig lucht spéise níos leithne.
Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis labhairt ar an iliomad ócáidí faoi dhúshláin agus faoi fhéidearthachtaí an Aontais Eorpaigh. Ina chuid óráidí dúirt an tUachtarán go léiríonn prionsabail bhunaithe an AE “bua na hidéolaíochta ar an tsoiniciúlacht” agus go dteastaíonn cosaint ghníomhach ó na prionsabail in am a bhfuil siad faoi bhagairt ag “míchothromaíochtaí atá ag méadú in ioncam, i saibhreas, i gcumacht agus i ndeiseanna.”
Tá sé ráite ag an Uachtarán chomh maith gur cheart do stáit bheaga an Aontais a chinntiú nach dtugtar an chluas bhodhar dóibh agus ról ceannasach a ghlacadh i socrú todhchaí an bhloic.
Féach mar shampla:
- “Todhchaí á Gealladh don Aontas Eorpach chun dul i gCaidreamh lena Shaoránaigh – Dúshlán Comhroinnte” (Eanáir 2018)
- Aitheasc an Uachtaráin Uí Uigínn ag Searmanas Beannaithe na hAthbhliana 2018 don Chór Taidhleoireachta (Eanáir 2018)
- Aitheasc ag Fáiltiú roimh Chumann Eorpach na nIar-Theachtaí Parlaiminte (Meitheamh 2017)
- Aitheasc ag Searmanas Beannaithe na hAthbhliana 2017 don Chór Taidhleoireachta (Eanáir 2017)
- “Tráth Nua san Aontas Eorpach á Chruthú: Fadhbanna agus Féidearthachtaí” – Aitheasc do Chumann na hÉireann um Léann Eorpach Comhaimseartha. (Aibreán 2016)
- “An tAontas Eorpach – i dTreo Dioscúrsa Athcheangail, Athnuachana agus Dóchais” (Meán Fómhair 2015)
- ‘I dTreo Aontas Eorpach na Saoránach’ – Aitheasc do Pharlaimint na hEorpa (Aibreán 2013)