Seolann An tUachtarán an Tionscadal Cuimhneacháin ag Cosantóirí ar son Chearta an Duine

Déa 24th Sam, 2016 | 12:30
suíomh: Teach an Ardmhéara, Sráid Dhásain
Seolann An tUachtarán an Tionscadal Cuimhneacháin ag Cosantóirí ar son Chearta an Duine

Ar an Déardaoin an 24 Samhain, sheól an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an chéad suíomh idirlín cuimhneacháin domhanda i gcuimhne ar chosantóirí chearta an duine a dúnmharaíodh.

 

Déanfaidh Suíomh Idirlín Cuimhneacháin Chosantóirí Chearta an Duine saol agus éachtaí na ndaoine sin a maraíodh mar gur oibrigh siad go síochánta ar son chearta daoine eile a chomóradh. Is í is aidhm leis ainmneacha tuairim is 3,500 cosantóir chearta an duine, a maraíodh ón am a glacadh leis anDearbhú maidir le Cosantóirí Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe in 1998, a bhailiú.

 

Ar feadh a shaoil, bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina fheactasóir díograiseach ar son chearta an duine agus ar son chur chun cinn na síochána agus an daonlathais in Éirinn agus in áiteanna go leor eile ar domhan.

 

Ón am ar insealbhaíodh é mar an naoú Uachtarán na hÉireann, tá sé ag leanúint lena chuid oibre a dhíriú ar théamaí chearta an duine, an chomhionannais, agus na smaointeoireachta neamhspleáiche agus cruthaithí.

 

Ina aitheasc ar ócáid seolta an bhunachair sonraí, thug an tUachtarán chun cuimhne na bagairtí do chearta an duine agus na róil ar leith atá ag gníomhaithe ar son chearta an duine.